Baile Ghib

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Baile Ghib
Léarscáil
RedDot.png
Ireland map County Meath Magnified.png
Daonra ( )
- Baile:
- Tuath:
 
543 
343
Airde: 61 m
Contae: Contae na Mí
Cúige: Laighin

Is nua-Ghaeltacht í Gaeltacht an Baile Ghib (nó Gibstown as Béarla) agus í suite i gContae na Mí. Toradh is ea í d'iarrachtaí Shaorstát Éireann na díograiseoirí Gaeilge araon ná cainteoirí dúchasacha a aistriú go machairí méithe, áit a mbeadh níos mó barr le baint as an talamh.

Tháinig daoine mór le rá i saol na Gaeilge as Gaeltacht na Mí. Is as Ráth Cairn do Bhláthnaid Ní Chofaigh, agus is as ceantar Bhaile Ghib do Hector Ó hEochagáin. Láithreoirí iad an bheirt acu, agus iad ag obair do RTÉ, ach bíonn Hector le feiceáil go minic ar TG4 chomh maith.


Tá níos mó ná ochtó bliain caite ó tháinig na chéad chlanna go Baile Ghib ó Ghaeltachtaí Chiarraí, Chorcaigh, Mhaigh Eo agus Dhún na nGall. Tháinig na clanna ar fad chuig Contae na Mí chun saol nua a thosú i lár na tíre mar pháirt de scéim choilíneacht Gaeltachta. Bhí an scéim eagraithe ag Coimisiún na Talún. D’fhágadar a gcuid talamh féin chun gabháltas a fháil i gContae na Mí. Bhí dhá chuspóir ag an rialtas agus De Valera don scéim, an chéad chuspóir ná chun an brú daonra sa Ghaeltacht a laghdú ó thuaidh agus ó theas sa tír. An dara cuspóir a bhí acu ná go mbeadh na clanna ar nós misinéirí teanga don Ghaeilge, agus go mbeadh borradh faoi líon na gcainteoirí Gaeilge mar gheall ar an bhogadh. D’aistrigh 122 clann ó cheantair Ghaeltachta go Contae na Mí i mBaile Ghib, Ráth Cairn, Cill Bhríde, Cluain Chill, agus Baile Ailín, agus an chuid ba mó acu chuaigh siad go dtí Baile Ghib.

Nuair a fuair coimisiún na talún an chuid is mó d'eastát Bhaile Ghib bhí plean ann go raibh muintir Bhaile Ghib chun píosaí áitithe don eastát a fháil ach go raibh an chuid is mó den eastát le haghaidh mhuintir na Gaeltachta a bhí ag bogadh síos. Bhí rogha mhór ag lucht na Gaeltachta, babhtáil a dhéanamh ar an droch-thalamh a bhí acu sa cheantar dúchais le haghaidh talamh torthúil i mBaile Ghib. Cé go raibh siad ag fáil píosa iontach beag den talamh i gcomparáid leis an méid talún a bhí acu sa bhaile, bhí an talamh i gContae na Mí i bhfad níos fearr agus níos torthúla ná an talamh a bhí acu sa bhaile, talamh a bhí lán de chlocha agus neamh-thorthúil.

Ba rud iontach mór é do dhuine a shaol ar fad a athrú agus bogadh go dtí áit nach raibh aithne agat ar dhuine ar bith ann ná eolas ar bith agat ar an gceantar. Bhí uatha slán a rá lena gcuid comharsan, a gcuid cairde agus gaolta chun brath ar shaol nua i mBaile Ghib, ach bhí daoine ag smaoineamh faoin saghas saoil a bhí ina gceantar dúchais. Ba shaol crua é, a raibh obair mhór ag baint leis, bheadh saol i bhfad níos éasca acu i mBaile Ghib. D’aistrigh na chéad chlanna go dtí Baile Ghib ar an 10 Márta 1937. Tháinig 18 gclann as Maigh Eo, 16 chlann as Ciarraí, 14 as Dún na nGall agus 2 chlann ó Chorcaigh. Bhí saol nua rompu i dtimpeallacht choimhthíoch, in áit a raibh an Béarla timpeall orthu agus tírdhreach strainséartha.


I gcomparáid le Gaeltacht Ráth Cairn, áit ar tharla an rud céanna bhí difríocht iontach mór idir Ráth Cairn agus Baile Ghib. Tháinig gach éinne a bhí ag bogadh go Ráth Cairn ó Chonamara, i gcomparáid le Baile Ghib. Cuireadh in iúl ag an am nach raibh Raidió na Gaeltachta ná Teilifís na Gaeilge á mbunú ag an am agus mar sin ní raibh cleachtadh ag daoine ar na canúintí faoi leith, bhí easpa cumarsáide ann, agus dar liom chuir an easpa cumarsáide seo brú iontach mór ar labhairt na Gaeilge, nuair a thosaigh daoine ag foghlaim Béarla bhí sé i bhfad níos éasca Béarla a labhairt le daoine ó Ghaeltachtaí eile seachas Gaeilge.

Osclaíodh an Bhunscoil sa bhliain 1941, rud a chabhraigh leis na páistí óga a bhí ag freastal ar scoil Bhaile Óraí go dtí sin. Bhain Baile Ghib stádas Gaeltachta amach sa bhliain 1967 agus tá an Ghaeilge fós beo sa cheantar sa lá atá inniu ann.