Bacille Calmette-Guérin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Vacsaín chun cosaint a sholáthar i gcoinne na heitinne is ea Bacille Calmette-Guérin (BCG). Ainmnithe as Albert Calmette (1863-1933) is Camille Guérin (1872-1961) a d'fhorbair í. Bachaillíní beo tanaithe eitinne atá inti.