Bútán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

CH3CH2CH2CH3, fiuchphointe 0 °C, gás alcáin a fhaightear mar chodán peitriliam ar féidir é a leachtú go héasca. Soláthraítear é mar leacht faoi bhrú le húsáid mar bhreosla (i ngás Calor, mar shampla). Tá isiméir struchtúrtha amháin aige, iseabútán nó meitiolprópán, (CH3)2CH-CH3.