Búbaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Éan atá gaolmhar leis an ngainnéad. Dúchasach do na farraigí trópaiceacha is fothrópaiceacha. Sruthlíneach le gob biorach gealdaite. Gabhann sé éisc trí thumadh go hingearach isteach san uisce. Boilg aeir faoin gcraiceann san aghaidh, a mhaolaíonn turraing an tumtha.