Bórás

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de mineralBórás

Siombail cheimiceachNa₂B₄O₇·10H₂O
Aicmiú
CatagóirMianra
Airíonna
Criostalchórascóras criostail aonchlaonasach
Mais mhólarach201.2 Da
Dlús2.37
Pointe leáite1,366
Tuaslagthacht4

Na2B4O7.10 H2O, salann hiodráitithe aigéid bhóraigh, is ea bórás. Cruthaíonn bórás salainn dhothuaslagtha leis na hiain Ca2+ is Mg2+, agus mar sin tá sé an-áisiúil mar bhogthóir is glantóir uisce>. Is foinse thábhachtach bóróin é i bhfoirm níos lú hiodráitithe (le 4 H2O), agus comhábhar bunúsach i ngloine bóraisiliceacáit (Pyrex). Baintear úsáid as mar fhlosc i gcursaí mianadóireachta agus d'fhéadfadh sé a bheith ina mhórfhoinse le haghaidh aigéid bhóraigh[1].

Bórás

Tréithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Go hiondúil is ina bpriosrmaí rmóra gearra dea-fhorbartha a bhíonn na criostail, atá neamhdhaite, bán, scothbhuí nó scothghorm. Tá an bórás le fáil freisin faoi fhoirm chomhdhlúth chréúil, nó screamhach.
  • Cailleann na criostail uisce go réidh agus éiríonn siad bán.
  • Trédhearcach go tréshoilseach. Loinnir ghloiní. Bog, éadrom. Tuaslagann bórás in uisce; bíonn blas scothmhilis air.
  • An scoilteacht foirfe i dtreo amháin, maith sa treo eile. Briosc. Briseadh concóideach.

Suíomhanna geografacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Loch Borax, California

Tá an bórás le fáil i lochanna sáile agus i loig shalainn i réigiúin fásaigh de thairbhe galú. Tá an bórás le fáil de ghnáth in éineacht le hailít. Faightear criostail bóráis suas le 150mm (6") trasna sa láib ag Loch Borax agus i nGleann an Bháis, (California). Baintear bórás ar bhun tráchtála ag Loch Searles (CalIfornia). Tá an bórás tearc san Eoraip taobh amuigh den Tuscáin (an Iodáil).[2]


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Carraigeacha & Mianraí – Eolaí Póca, An Gúm ISBN 1857911369
  2. Hussey, Matt (2011). "Bórás". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 84.