Béchuil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoBéchuil
Zygoptera Cuir in eagar ar Wikidata

Ischnura heterosticta Cuir in eagar ar Wikidata  
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamArthropoda
AicmeInsecta
OrdOdonata
Fo-ordZygoptera Cuir in eagar ar Wikidata
Selys, 1854

Is feithidí móra fadcholainne iad den fho-ord Zygoptera, san ord Odonata, iad na béchuileanna. Tá siad cosúil le snáthaidí móra, arb ionann iad agus an fo-ord Odonata eile, Anisoptera, ach tá siad níos lú agus tá coirp níos caoile acu. Filleann an chuid is mó de na speicis na sciatháin feadh an choirp agus iad ar fos, murab ionann agus snáthaidí móra a choinníonn na sciatháin cothrom agus ar shiúl ón gcorp. Is grúpa ársa iad na bécuileanna ó ar a laghad an Peirmeach Íochtair (sé sin an Ciosúralach), agus tá siad le fáil ar gach mór-roinn ach amháin Antartaice.

Creachadóir cumasach is ea béchuil, mar larbha uisciúil is cuil fhásta eitilte.