Béarlachas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

I gcúrsaí Gaeilge ach go háirithe, tugtar Béarlachas ar thionchar an Bhéarla ar an nGaeilge (nó ar aon teanga eile), go háirithe nuair atáthar ag tabhairt le fios nach bhfuil fáilte roimh an gcineál sin tionchair.

Stair na Teagmhála Béarla-Gaeilge[athraigh | edit source]

Is deacair na hiasachtaí Béarla is sine sa Ghaeilge a aithint thar na hiasachtaí Angla-Normainnise - is é sin, na focail a tháinig isteach ón leagan Sasanach den Fhraincis Normannach. Go bunúsach, thosaigh na Normannaigh ag sealbhú na hÉireann réasúnta gairid i ndiaidh dóibh Sasana a fhorghabháil, agus iad ag labhairt Fraincise i gcónaí. Mar sin, chuaigh na céadta iasachtaí den chineál seo in úsáid sa dá theanga - idir Mheán-Bhéarla agus Nua-Ghaeilge Mhoch - faoin am céanna, agus is minic nach féidir a rá, cé acu a fuarthas focal áirithe tríd an mBéarla nó go díreach ón bhFraincis.

Na focail iasachta a d'éirigh coitianta sa Ghaeilge san am seo, is minic a bhain siad le cúrsaí dlí nó riaracháin, cosúil le barántas, baille, constábla, cúirt, contae, cuntas, giúistís, páiste (is ionann é, ó thús, agus péiste, is é sin, cineál giolla nó buachaill freastail), plé (focal atá gaolmhar le plea an Bhéarla), prionsa, searbhónta, sclábhaí. Bhain iasachtaí eile ón tréimhse seo leis an ailtireacht agus leis an tógáil: túr, boghta, casúr. Fuair an chogaíocht féin culaith nua sa Ghaeilge: captaen, móta, príosún. Bhí iasachtaí eile ann agus iad ag roinnt leis an bhfaisean agus le cineálacha nua bia: bagún, biotáille, clóca, cóta, dinéar, féasta, gúna, mála, péarla, spíosra, oinniún. (McManus, lch. 442)

Maidir le sliocht an Bhéarla ar chomhréir na Gaeilge - ar an dul a bhíonn ar an teanga agus ar an dóigh a mbraitheann na focail ar a chéile - is é tuairim Williams (Williams, lgh. 465-466) gurb i dtús na seachtú haoise déag a tháinig an tionchar sin chun solais sa teanga scríofa i ndáiríre. Luann sé samplaí mar tá an ghrian suas (the sun is up, in áit tá an ghrian thuas, mar shampla - thuas ab fhearr a rá le up an Bhéarla a aistriú go Gaeilge nuair nach bhfuiltear ag tagairt don ghluaiseacht). Is dóigh le Williams gur tháinig an teilgean cainte tá mé den tuairim/tá mé den bharúil go... (I am of the opinion that...) chun saoil faoi thionchar an Bhéarla. An té ar mhaith leis gan dul i dtuilleamaí leaganacha den chineál seo ina chuid Gaeilge, seanbhunaithe is uile mar atá siad, is féidir leis úsáid a bhaint as na teilgeanacha dúchasacha is dóigh liom go..., tá mé barúlach go..., nó tá mé inbharúla go.... Is féidir teacht ar an bhfocal opinion féin sa Ghaeilge - is mar oipineon nó mar oipiniún a litrítear é - ach spéisiúil go leor, is beag úsáid a bhaintear as inniu taobh amuigh de na foclóirí. (Tá sé i bhfad níos coitianta sa Bhreatnais, ar ndóigh - piniwn an litriú Breatnaise.)

Luann Williams freisin an leagan muinín a chur i nduine mar shampla den Bhéarlachas a bhí le fáil sa teanga sular thosaigh an meath ag teacht ar úsáid choitianta na Gaeilge i sochaí na hÉireann. Tháinig sé ar an leagan nach cóir muinín ar bith a chur iontu (no confidence ought to be placed in them sa bhuntéacs) sa leagan Gaeilge den Teagasc Críostaí le hA. Ó Duinnshléibhe a chuaigh i gcló sa bhliain 1848. As rud a bhíonn a mhuinín ag an duine sa Ghaeilge, de ghnáth, mar a deir Williams féin, agus b'fhearr leagan cosúil le "nach cóir muinín a bheith ag aon duine astu" leis an sliocht faoi chaibidil a aistriú, is dócha.

Bíonn na daoine in umar an éadóchais inniu i leith an Bhéarlachais, ach ní mór cuimhne a choinneáil air gurb iomaí cineál Béarlachais a chuaigh in éag nó nach ndeachaigh i ngnáthúsáid sa teanga scríofa riamh, fiú ag scríbhneoirí Gaeilge na Galltachta. Bíonn an teilgean cainte iompar amach (cf. carry out an Bhéarla) ar fáil sa chiall "comhlíonadh, cur i gcrich" ag Seán Bán Mac Meanman in áiteanna, ach is ar éigean a d'fheicfeá é in iriseoireacht Gaeilge ár linne féin. Mar a dúirt Seán Ó Curraoin: "Cuid de na hiasachtaí ón mBéarla tá siad chomh fada sa teanga go ndearnadh focal nua astu ach tá cuid acu imithe as an teanga arís mar nach dteastaíonn siad níos mó. Sampla de sin is ea loan money. Is é an focal a tháinig as an dá fhocal sin lúmannaí. Ní úsáidtear an focal seo níos mó cé go bhfuil sé ag na seandaoine." (Ó Curraoin lch. 43)

Samplaí den Bhéarlachas[athraigh | edit source]

Focail Iasachta[athraigh | edit source]

Is léir gur féidir úsáid a bhaint as pé focal Béarla i ngnáthchaint na Gaeilge inniu, ós rud é nach bhfuil teacht ar chainteoir Gaeilge - cainteoir dúchais nó foghlaimeoir - nach mbeadh Béarla éigin aige chomh maith. Scéal eile ar fad go bhfuil glacadh coitianta sna canúintí lena lán focal Béarla nach bhfeictear sa teanga scríofa ná i bhfoclóir Uí Dhónaill ar aon nós. (Ní mór a chuimhneamh nach raibh Niall Ó Dónaill róthormasach ar na focail iasachta ón mBéarla, má bhí siad seanghreamaithe i nGaeilge na Gaeltachta.)

  • aicteáil, actáil. Ó to act an Bhéarla. An duine a bhí ag aicteáil orm, rinne sé rud éigin le stainc orm, is é sin, bhí sé ag spochadh fúm, ní raibh sé i ndáiríre - níor mhíneáil sé é (he didn't mean it). (Ó Baoill lch. 123)
  • aithead, is é sin, ahead an Bhéarla - an duine atá ag caint aithead, tá sé ag spalpadh leis gan stad. (Ó Baoill lch. 123)
  • baby, béibí (Ó Sé lch. 69): "bunóc" an focal traidisiúnta a bhí i nGaeilge Chiarraí ar "leanbh beag", ach cé go raibh an focal sin go flúirseach ag Peig Sayers, is é an focal Béarla is minicí a chloisfeá i gCiarraí inniu.
  • bildeáil (Ó Sé lch. 68) "láithreán tógála", go háirithe ag tagairt do na láithreáin thógála thall i Sasana, agus na mílte fir oibre ó Éirinn ag obair orthu.
  • crosta: focal cineál conspóideach é seo, nó ní luann foclóir Uí Dhónaill ach na cialla "casta, deacair" ("ceist chrosta") agus "dána" ("páiste crosta") leis. I nGaeilge Uladh, is é an páiste crosta an páiste a bhíonn ina chrosdiabhal ag imirt crosa (cleasanna dána nó magúla) ar dhaoine eile. Is minic a d'fheicfeá sa chiall "feargach, a bhfuil fearg air" (cf. cross an Bhéarla) é ag Sean-Phádraic Ó Conaire, mar shampla.
  • drárs fobhríste (Ó Baoill lch. 134)
  • family (i nGaeilge Chonamara de réir Ó Murchú lch. 57): ní hionann an focal dúchasach sin clann agus family an Bhéarla, cé gur minic a úsáideann an Gaeilgeoir neamhdhúchais an focal "clann" sa chiall mhícheart seo, is é sin, le tagairt a dhéanamh do theaghlach núicléach tipiciúil ár linne (is é ciall cheart an fhocail sin "clann" ná páistí na lánúine - ní cuid den "chlann" iad na tuismitheoirí, ach is iad na tuismitheoirí na daoine a bhfuil "clann" acu). Ó bhí téarma éigin ag teastáil ó mhuintir na Gaeltachta le tagairt do family i gciall an Bhéarla, ghlac siad leis an bhfocal iasachta sin family sách forleathan. Maidir leis an téarma oifigiúil "teaghlach", is cuid de chanúint Uladh é, nó bíonn sé le feiceáil go minic ag Séamus Ó Grianna, cé go n-úsáideann sé sa chiall "clann" é. Maidir leis an bhfocal "comhluadar", d'fheicfeá ag na scríbhneoirí Connachtacha é sa chiall seo, ach is léir nach mbeadh glacadh leis sna canúintí eile, ós rud é gurb é "cuideachta" is gnách-chiall leis ansin. Má dhearctar ar an teaghlach mar ualach - mar dhaoine a gcaithfidh tú bia agus beatha a choinneáil leo - is é an focal is fearr ná muirínmuirear - tabhair faoi deara gur ainmfhocal baininscneach é muirín (an mhuirín, gineadach: na muiríne). Pleanáil na muiríne an téarma Gaeilge ar family planning, mar sin.
  • farm (i nGaeilge Uladh), is é sin, an fhoirm Bhéarla in áit na seanfhoirme Normainnise (Ó Baoill lch. 136). Feirm an fhoirm chaighdeánach, agus feilm a deirtear i nGaeilge Chonamara.
  • green (i nGaeilge Chonamara, de réir Ó Murchú): Go bunúsach, tá dhá fhocal sa Ghaeilge le green a aistriú: "glas", más é an dath nádúrtha atá ann, agus uaine, más péint atá ann, nó mura bhfuil rud i gceist a bhfuil an dath seo ann go nádúrtha: is fearr green light a aistriú mar "sholas uaine" ná mar "sholas glas", mar shampla. Nuair a thagraímid do rudaí a bhfuil dath liath iontu ó thaobh an nádúir de, cosúil le holann nó fiú le hiarann, deirimid go bhfuil siad "glas", mura bhfuil a mhalairt sin dath curtha nó tagtha orthu. Ón taobh eile de, ní féidir linn a rá go bhfuil duilleoga an chrainn, abair, "uaine", nó tugann sé le fios nach é a ndath nádúrtha é. Is dócha go ndeachaigh an focal green in úsáid i nGaeilge Chonamara leis an gcastacht seo a sheachaint.
  • hackney (nó hacnaí, heaicní, heacnaí): is léir agus is follasach go bhfuil an focal seo seanbhunaithe i nGaeilge an lae inniu, agus úsáid fhorleathan á baint as, cé nach bhfeicfeá sna foclóirí é. Carr fostaithe an t-aistriú Gaeilge a thugann foclóir de Bhaldraithe. An duine ar mhaith leis gan an Béarlachas a úsáid, is féidir leis caithfidh muid carr a fhostú a rá, in áit caithfidh muid hackney a fháil.
  • haipneáilhappen an Bhéarla) sa chiall "tarlú", "titim amach". Ó Baoill (lch. 141) a luann an focal, rud a thugann le fios gur focal é a úsáidtear i gcanúint Chúige Uladh thar aon chineál Gaeilge eile. Tá an chuma ar an scéal nach bhfuil an briathar sin "tarlú" le fáil i nGaeilge Uladh ach san aimsir chaite (tharla), agus mar sin, bhí briathar ag teastáil le haghaidh na n-aimsirí eile.
  • handáilte i dhá chiall an fhocail Bhéarla sin handy, is é sin, áisiúil (ag tagairt do rud úsáideach, soghluaiste nó so-úsáidte) agus deaslámhach (ag tagairt do dhuine a bhfuil lámh mhaith nó dóigh mhaith aige ar an obair). Luann Ó Baoill é ina leabhar faoi Ghaeilge Uladh (Ó Baoill lch. 141), ach, leis an bhfírinne a dhéanamh, níl sé deacair samplaí a fháil i gcanúintí eile. Bíonn focail eile flúirseach go maith sa chiall chéanna, áfach: samhlaiste a deirtear i nGaeile Uladh, mar shampla (bíonn na húdaráis ag easaontú le chéile, cé acu "soghluaiste" nó "soláimhsithe" is bunús don fhocal seo).
  • jab - focal forleathan é seo sa ghnáthchaint agus sa Ghaeilge liteartha féin inniu, ach tá siad ann a deir gur chóir focal eile a úsáid, ós rud é go bhfuil an litir "neamh-Ghaelach" úd j- ann. Is féidir, ar ndóigh, an téarma úd post a roghnú ina áit.
  • jug - is focal forleathan é sna canúintí, ach ní thugann an teanga scríofa mórán aitheantais dó. An duine ar mhaith leis Béarlachas a sheachaint, is féidir leis "crúsca" nó"crúiscín" a rá, ar ndóigh.
  • míneáil, nó fiú "meanáil" - sin briathar iasachta a chluinfeá go minic in abairtí cosúil le "níor mhean-áil mé a dhath" mar Ghaeilge ar I didn't mean it. Deir na foclóirí gurb é ciallaigh/ciallú an focal Gaeilge ar to mean, ach níl an scéal chomh simplí sin, nó ní féidir an briathar sin a úsáid ach le rá cad is ciall le focal éigin: ciallaíonn an focal Gearmáinise úd Vater "athair" sa Ghaeilge, mar shampla. Duine atá ag ciallú rud éigin, is é atá sé a dhéanamh ná an rud sin a mhíniú, a chiall a thabhairt. Mar sin, ní féidir teilgeanacha cainte cosúil le what does he mean? ("cad é atá sé a mhaíomh? cé dó a bhfuil sé ag tagairt? cad é atá i gceist aige?"), that's not what I mean ("ní hé sin atá mé a rá") nó he means you ("tusa atá i gceist aige, ortsa atá sé ag trácht") a aistriú go Gaeilge leis an mbriathar "ciallaigh/ciallú". An cainteoir dúchais atá faoi thionchar an Bhéarla, agus an teilgean cainte sin ón mBéarla ag rith leis, is fearr leis tamhan an bhriathair Bhéarla a chur in oiliúint don Ghaeilge ná úsáid mhícheart nó mhínádúrtha a bhaint as an mbriathar dúchasach.
  • pléanáilte sa teilgean cainte arán pléanáilte ó plain bread an Bhéarla. (Ó Baoill lch. 146)
  • sumans: gairm dlí.
  • teapot (Ó Murchú lch. 57) - taepat an litriú Gaelaithe atá ag Mícheál Ó Siadhail sa téacsleabhar "Learning Irish". Tháinig an focal seo isteach i nGaeilge Chonamara mar aon fhocal amháin, ach caitheann an caighdeán oifigiúil leis mar a bheadh focal comhshuite ann a cruthaíodh sa Ghaeilge: taephota.
  • watch, waits, vaits: uaireadóir, clog. Úsáidtear go forleathan é sna canúintí. Cuimhnigh freisin ar an teilgean cainte is cuma nó watch liom é "is cuma liom é sa diabhal".

Comhréir[athraigh | edit source]

Chonaiceamar cheana féin gurb as rud nó duine is minicí a bhíonn muinin agat i nGaeilge, ach go bhfuilimid tosaithe ag cur muiníne i ndaoine faoi thionchar an Bhéarla. Is dócha freisin gurb é an Béarla is cúis leis an úsáid ghníomhach a bhaint as an rangabháil. Go bunúsach, rangabháil chéasta is ea é an rangabháil (an aidiacht bhriathartha) sa Ghaeilge, - is é sin, má deirimid tá X caite, is éard atá i gceist againn ná go bhfuiltear tar éis X a chaitheamh. Is minic, áfach, a úsáidtear an rangabháil sa chiall ghníomhach inniu. Má deirimid tá X críochnaithe, mar shampla, beidh tuilleadh coimhthéacs de dhíth le fáil amach cé acu a críochnaíodh X, nó an ea gurbh é X a rinne an críochnú. Má deirimid tá Seán críochnaithe, is féidir linn a bheith ag rá go bhfuil Seán tar éis a chuid oibre a chríochnú, ach is féidir linn freisin a bheith ag rá go bhfuil Seán "críochnaithe" ar fad ag na buachaillí dána a d'ionsaigh é le greidimíní a thabhairt dó. Go traidisiúnta, ní raibh ach an dara ciall leis an rangabháil: mar sin, b'fhearr tá an obair críochnaithe aige a rá, seachas tá sé críochnaithe ag obair.

I nGaeilge na Mumhan is minicí a úsáidtear an rangabháil sa chiall ghníomhach: uaireanta, d'fheicfeá, fiú, tá sé fágtha an baile in áit tá an baile fágtha aige.

Mar chuid den chomhréir is fearr lomaistriúcháin áirithe ón mBéarla a phlé:

  • tá sé ag fáil deireanach: ní féidir a rá nach mbeadh an chiall sin "éirí (cosúil le seo nó siúd), dul chun cosúlachta (le seo nó siúd)" leis an mbriathar úd "fáil" i nGaeilge na Gaeltachta le fada, ach is léir nach bhfuair an briathar an chiall sin ach faoi thionchar to get an Bhéarla. Le cuma níos Gaelaí a chur ar tá sé ag fáil deireanach, áfach, tá go leor teilgeanacha cainte eile ar fáil dúinn: tá sé ag éirí deireanach, tá sé ag dul anonn sa lá, tá sé ag druidim chun deireanais, tá sé ag dul chun deireanais.
  • tháinig sé fíor (< "it came true"), is é sin, fíoraíodh an tairngreacht, tháinig an tuar ar an tairngreacht. Ní féidir a rá nach mbeadh an leagan seo in úsáid i nGaeilge na Gaeltachta, ach is fearr focal amháin a chur leis: tháinig sé isteach fíor. Sin é an leagan a bhíonn ag rogha na scríbhneoirí Gaeltachta, ar nós Shéamuis Uí Ghrianna.

Foirmeacha Gramadaí[athraigh | edit source]

Fuair an Ghaeilge an iarmhír gramadaí úd -s ar iasacht ón mBéarla, iarmhír iolra na n-ainmfhocal. Ní thugtar aitheantas dó sa teanga scríofa, ach bíonn sé réasúnta coitianta ag focail iasachta ón mBéarla, go háirithe má tá níos mó ná aon siolla amháin acu: mótars (in áit mótair), mar shampla. Tabhair faoi deara freisin an fhoirm iolra iasachta úd leads (< lads an Bhéarla - leaideanna an leagan oifigiúil). Uaireanta, áfach, feictear foirmeacha iolra cosúil le gadaíos, céilíos, go háirithe i gcanúintí ina bhfuil an -th- idir gutaí ar lár, ionas nach féidir an fhoirm uatha (gadaí, céilí) a aithint thar an bhfoirm iolra (gadaithe, céilithe) ar an bhfuaimniú. I gcaint na bpáistí, cuirtear an -s seo le hiolraí dúchasacha uaireanta (Ó Siadhail lch. 163).

Seachaint an Bhéarlachais[athraigh | edit source]

An té atá ag iarraidh Béarlachas a sheachaint, ba chóir dó thar aon rud eile bheith chomh heolach agus is féidir ar an teanga thraidisiúnta, ar na bailiúcháin bhéaloidis agus ar litriocht na scríbhneoirí Gaeltachta. Is minic a bhíonn daoine nach bhfuil ach breaceolas acu ar an nGaeilge ag lochtú mhuintir na Gaeltachta as a bheith ag úsáid focail Bhéarla agus iad seanbhunaithe sa chanúint. San am céanna, is minic a bhíonn beachtairí den chineál seo ag cur na teanga as a riocht trí struchtúir Bhéarla a chur i bhfeidhm uirthi.

Nuair atáthar ag trácht ar fhocail Bhéarla sa Ghaeilge, is léir gur chóir don chainteoir mhaith gan úsáid a bhaint as nua-iasachtaí, go háirithe mura féidir iad a chur in oiriúint do chóras fuaimeanna agus litrithe na teanga. Ón taobh eile de, níl sé ciallmhar locht a fháil ar fhocail atá sa teanga ó laethanta na Normannach anuas, agus caithfidh an foghlaimeoir dúthrachtach staidéar a dhéanamh ar litríocht chomhaimseartha na Gaeilge leis na seaniasachtaí a aithint agus a úsáid.

Scéal ar leith iad focail ar nós nóisean. Más iasacht réasúnta nua atá ann, tá ciall ar leith leis sa Ghaeilge: an buachaill a bhfuil nóisean aige do ghirseach, tá cineál teasghrá tugtha aige di. Thairis sin, is féidir "nóisean" a thabhairt ar smaoineamh neamhphraiticiúil nó míréasúnta. Is féidir a rá, mar sin, go bhfuil ciall an fhocail beagáinín difriúil sa dá theanga. An duine atá ag iarraidh "Béarlachas" a sheachaint, ar chóir dó an focal a sheachaint scun scan, ós rud é gur focal iasachta ón mBéarla é, nó an mbeadh sé níos tábhachtaí taobhshúil a choinneáil ar an gciall a bhíonn leis an bhfocal sa chaint thraidisiúnta, gan an focal a chaitheamh i dtraipisí ar fad ar fad?

Sa bhliain 1957, foilsíodh an leabhar úd Lorg an Bhéarla le Seán Mac Maoláin, agus é ar fáil ar an Idirlíon inniu[1]. Cháin Mac Maoláin an tuiscint mhícheart a bhí ag cuid de na foghlaimeoirí ar cheart na Gaeilge, agus rinne sé iarracht leigheas na faidhbe a thabhairt. Cainteoir dúchais a bhí ann féin agus tuiscint aige ar an teangeolaíocht. Seo thíos cuid de na pointí a bhí aige:

Úsáid na hAimsire Gnáthláithrí[athraigh | edit source]

Ní ceart úsáid a bhaint as an aimsir ghnáthláithreach (-ann, -íonn) ar lorg nuair má úsáidtear an aimsir fháistineach sa phríomhchlásal. Caithfear an aimsir fháistineach a úsáid san fhochlásal fosta. As Béarla, deirtear: When Johnny comes home, we will be happy. Aistrítear an méid seo go Gaeilge mar seo: Beidh lúcháir - nó áthas, nó rímhéad - orainn nuair a thiocfaidh Seáinín abhaile. (Ar lorg nuair, is féidir úsáid a bhaint as an bhfoirm thiocfas freisin, ar ndóigh, ach ní thugann an Caighdeán aitheantas don fhoirm sin, cé go bhfuil sí coitianta sna canúintí thiar agus thuaidh.)

Scéal eile ar fad é go bhfuil sé ceart an aimsir ghnáthláithreach a úsáid ar lorg : Má thagann Seáinín abhaile, beidh lúcháir orainn.

Bhí Mac Maoláin barúlach freisin nár chóir ach an aimsir láithreach fhoshuiteach a úsáid ar lorg mura in abairtí cosúil le Mura dtaga (nó mura dtara, mura dtige i gcanúintí áirithe - coinnigh cuimhne air freisin gurb ionann iad mura, mara agus muna ó thaobh na céille agus na húsáide de) an bus roimh a trí a chlog, ní thiocfaidh sí ar aon nós. Inniu, áfach, dealraíonn sé go bhfuil glacadh forleathan leis an aimsir ghnáthláithreach ar lorg mura, toisc go bhfuil an aimsir láithreach fhoshuiteach ag dul in éag, agus na daoine aineolach uirthi agus ar a ceartúsáid. Is dócha gur fearr an aimsir fháistineach a úsáid anseo freisin, an té nach bhfuil in ann modh foshuiteach na haimsire láithrí a úsáid, ó nár fhoghlaim sé ar scoil é: Mura dtiocfaidh an bus roimh a trí a chlog, ní thiocfaidh sí ar aon nós.

Aimsir ghnáthláithreach atá ann, is é sin, foirm atá dírithe ar chur síos a thabhairt ar rudaí a bhíonn ag titim amach de ghnáth, ó am go ham. Mar sin, bhí Mac Maoláin míshásta leis an dóigh a mbítí ag baint úsáide as an aimsir seo "i dtuairiscí ar éagasc tíre", mar a dúirt sé féin, is é sin, i dtuairiscí tíreolaíochta, cosúil leis an gceann seo: "Éiríonn an sliabh seo go dtí airde dhá mhíle troigh." Is é an trácht a rinne sé ar a leithéid ná gur féidir gur éirigh an sliabh a airde sin "uair éigin anallód", ach go bhfuil an sliabh socair suaimhneach inniu, agus gur chóir na focail a roghnú dá réir sin: " an sliabh seo dhá mhíle troigh ar airde".

Úsáid na hAimsire Caite[athraigh | edit source]

Ní hionann aimsir chaite na Gaeilge agus aimsir chaite an Bhéarla, nó tá blas láidir na foirfeachta ar aimsir chaite na Gaeilge, agus is minic a fhreagraíonn sí d'aimsir fhoirfe an Bhéarla - is é sin, is féidir d'fhoirmeacha cosúil le fuair, chuaigh, chonaic agus araile a bheith ag déanamh gnó na leaganacha Béarla úd has found/got, has gone, has seen agus araile. Ón taobh eile de, is minic a úsáidtear leagan cosúil le didcame sa Bhéarla nuair ab oiriúnaí bhí...ag déanamh, bhí...ag teacht a rá as Gaeilge.

Thug Mac Maoláin an abairt shamplach úd Rory was listening to the noise that came from the opposite side of the glen. Is é an chéad aistriúchán a rithfeadh leis an gcainteoir neamhdhúchais, - dar le Mac Maoláin, - ná Bhí Ruairí ag éisteacht leis an torann a tháinig ón taobh thall den ghleann. Bheadh a leithéid d'abairt cineál mínádúrtha, arsa Mac Maoláin, nó má tháinig an torann, tháinig sé cheana, agus ní raibh tuilleadh ag teacht ná le cloisteáil. Mar sin, ba dóigh le Mac Maoláin, ba chóir a scríobh: Bhí Ruairí ag éisteacht leis an torann a bhí ag teacht ón taobh thall den ghleann.bhí tuilleadh den torann ag teacht i gcónaí, bhí Ruairí in ann é a chloisteáil. Ar ndóigh, bheadh sé ceart a rá: Chuala Ruairí an torann a tháinig ón taobh thall den ghleann.

Úsáid na hAimsire Fáistiní[athraigh | edit source]

Má tá Is féidir ann, is ceart an aimsir fháistineach a úsáid ar a lorg. Má tá B'fhéidir ann, is fearr an modh coinníollach a úsáid ar a lorg:

  • Is féidir go rachaidh mé ag feiceáil an scannáin amárach.
  • B'fhéidir go rachainn ag feiceáil an scannáin amárach.

Béarlachas i dTeangacha Eile[athraigh | edit source]

Inniu, tá an Béarla chun tosaigh ar na teangacha eile go léir mar theanga dhomhanda, agus é á shaothrú agus á fhoghlaim ar fud na cruinne. Mar sin, is deacair teacht ar theanga inniu nach bhfuil Béarlachas éigin le haithint uirthi.

  • Nuair a tháinig deireadh leis an gCumannachas sa Rúis, thosaigh na mílte focail Bhéarla ag tonnadh isteach. Roimhe sin féin, bhí cuid mhaith téarmaí teicneolaíochta ón mBéarla á n-úsáid sa Rúisis.
  • Tá focail Bhéarla an-fhlúirseach i nGearmáinis an lae inniu, agus níl sé deacair abairtí cosúil leis an gceann seo leanas a chur i dtoll le chéile: Der Gangsterboss wurde von den Boys der eigenen Gang gekillt = "mharaigh malraigh a dhroinge féin ceann feadhna na gcoirpeach" (Gangster = drongadóir, coirpeach eagraithe, Boss = bas, ceannasaí, ceann feadhna, Boy = buachaill, malrach, Gang = drong, killen = feallmharú). Tá na hiasachtaí Béarla seo go léir ar fáil i bhfoclóirí caighdeánacha na Gearmáinise, cosúil le foclóir Wahrig agus foclóir Duden, cé gur féidir go bhfuil an abairt iomlán beagáinín mínádúrtha nó aiféiseach.
  • Bíonn focail Bhéarla sách coitianta i ngnáthchaint na Fionlainnise, ach cuirtear in oiriúint do litriú agus d'fhuaimniú na Fionlainnise iad: pleikkari "ríomhchluiche den déanamh PlayStation", hodari "ispín te, hot dog", tsoukki "scéal magaidh, cleas magaidh", agus araile.
  • Tá leaganacha den fhocal Béarla computer tar éis dul isteach ina lán teangacha, cosúil leis an tSómáilis (kumbuyuutar), an Pholainnis (komputer), an Ghearmáinis (Computer) agus Gàidhlig na hAlban (coimpiùtair - ach ar na saolta seo, tá an leagan dúchasach annalair tagtha ar an bhfód freisin). Ón taobh eile de, chuaigh an focal iasachta as úsáid i dteangacha eile má baineadh úsáid as riamh, cf. Fionlainnis (tietokone - ní fheicfeá kompuutteri ach i gcoimhthéacs greannmhar), Sualainnis (dator), Danmhairgis (datamat), Íoslainnis (tölva).

Foinsí[athraigh | edit source]

  • Mac Maoláin, Seán: Lorg an Bhéarla. Le léamh ar an nGréasán[2].
  • McManus, Damian: An Nua-Ghaeilge Chlasaiceach. Lch. 335-445 i: Stair na Gaeilge.
  • Ó Baoill, Dónall P: An Teanga Bheo - Gaeilge Uladh. Institiúid Teangeolaíochta Éireann, Baile Átha Cliath 1996.
  • Ó Curraoin, Seán: Iascairín Chloch na Cora. Scéalta agus Seanchas ó Bhearna agus na Forbacha. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2000
  • Ó Murchú, Séamas: An Teanga Bheo - Gaeilge Chonamara. Eagarthóir: Dónall P. Ó Baoill. Institiúid Teangeolaíochta Éireann, Baile Átha Cliath 1998.
  • Ó Siadhail, Mícheál: Modern Irish. Grammatical Structure and Dialectal Variation. Cambridge University Press, 1999.
  • Stair na Gaeilge. In ómós do Pádraig Ó Fiannachta. In eagar ag Kim McCone, Damian McManus, Cathal Ó Háinle, Nicholas Williams, Liam Breathnach. Roinn na Sean-Ghaeilge, Coláiste Phádraig, Maigh Nuad 1994.

Litríocht Eile faoi Cheart na Gaeilge[athraigh | edit source]

  • de Bhial, Tomás: An Cabhsa. 2,000 abairtí samplacha Gaeilge. An Gúm, Baile Átha Cliath 1984.
  • Mac Maoláin, Seán: Cora Cainte as Tír Chonaill. An Gúm, Baile Átha Cliath 1992
  • Ó Máille, Tomás: An Béal Beo. An Gúm, Baile Átha Cliath 2002