Béal Átha an Ghaorthaidh
Ceantar Gaeltachta i gCnoic na Seithe i gContae Chorcaí is ea Béal Átha an Ghaorthaidh, le daonra thart faoi 750.
Clár ábhair |
[athraigh] Scoileanna
Tá dhá scoil sa cheantar: Scoil Fhionnbarra (scoil naisiúnta) agus Scoil Mhuire (ceardscoil). Tá tuairim is 120 dalta ag freastal ar scoil Fhionnbarra agus thart faoi 75 dalta ag freastal ar Scoil Mhiure.
[athraigh] Coláiste na Mumhan
Coláiste samhraidh is ea Coláiste na Mumhan. Sa bhliain 1904 a bunaíodh an Coláiste agus is é an t-ainm a bhí air ag an am ná "Coláiste Múinteoireachta na Mumhan" - ag díriú go príomha ar theagasc na Gaelainne do mhúinteoirí. Thosnaigh an coláiste le foirgneamh ar chíos ón Sagart Paróiste. Ina dhiaidh sin leathnaíodh amach na cúrsaí a bhí ag an gColáiste do dhéagóirí Chontae Chorcaí, agus ansin go dtí an tír uilig.
[athraigh] An Cairdinéal Manning
Rugadh agus tógadh an Cairdinéal Timothy Manning (15 Lúnasa, 1909—23 Meitheamh, 1989) i mBéal Átha an Ghaorthaidh sula ndeachaigh sé go Meiriceá. Ba iad Cornelius Mannning agus Margaret Cronin a thuismitheoirí.[1]
[athraigh] Cumann peile
Tá cumann peile ag Béal Átha 'n Ghaorthaidh. Bunaiodh sa bhliain 1957 é. Ba é An t-Athair Micheál Ó Murchú an chéád uachtarán. Ba é Seán Ó Rinn an Leas-Uachtarán agus ba é Liam Ó Seartan an cathaoirleach. Bhí Conchúr ó Cróinín mar chaptaen ar an bhfoireann.
[athraigh] Tagairtí
- ↑ http://www.fiu.edu/~mirandas/bios-m.htm#Manning Miranda, Salvador. The Cardinals of the Holy Roman Churcb (as Béarla)