Béal Átha Liag

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilBéal Átha Liag

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°40′45″N 7°59′57″W / 53.679146°N 7.999177°W / 53.679146; -7.999177
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Contae in ÉirinnContae an Longfoirt Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde43 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama

Is baile beag é Béal Átha Liag (Béarla: Ballyleague-Lanesboro)[1] situe i lár na tíre agus níos cruinne, ar an teorainn idir an dá chontae, Ros Comáin agus Longfort. Tá sé lonnaithe ar gob thuaidh Lough Ree ar an bóthar tánaisteach náisiúnta N63 ar achomal leis an R371 (taobh Ros Comáin) agus R392 (taobh Longfort). Tá Longfort mór go leor, 16km oirthuaisceart ar an N63, go díreach, agus tá Ros Comaín, 15km iardheisceart ar an N63 chomh maith. Is iad Béal na mBuillí (Contae Ros Comáin) agus Baile Úí Mhatháin (Contae Longfort) na bailte is cailúila in aice le Béal Átha Liag, faoi seach.

Dá bhrí sin, tá na bailte suite i cúigí difriúla (Cúige Chonnacht - Ros Comáin agus Cúige Laighean - Longfort); agus níos mó ná sin, an dá deoisí Caitliceach Rómhánach, Deoise Ardach agus Chluain Mhic Nóis agus Deoise Ail Finn; agus ina theannta sin, an dá pharóiste Caitliceach Rómhánach, Kilgefin san oirthear atá nasctha ar Béal Átha Liag, Curraghroe agus Ballagh, agus Rathclaon san iarthar.

Stair agus Áiteanna Spéisiúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scoilteann an tSionainn an dá chontae. Tugadh an t-ainm ar an taobh thoir den abhainn mar 'Lanesboro' tar éis an Caisleán Ráth Claon agus na tailte a dheonú, go Lána an Tiarna ar an 24ú Lúnasa 1664 ag an Rí Charles II, mar aitheantas dá dhílseacht don choróin. I 1664, dheonaigh Charles II Lána an Tiarna ar Bhuirg Ríoga agus is é sin an chaoi a thugadh an focal Béal Átha Liag do 'Lanesboro'. Is iomaí cathanna agus ionghabhálacha tagtha ar an mbaile thar na céadta bliain ón am a thosaigh na Lochlannaigh ag ionraidh Éireann ón 9ú haois go dtí an 11ú haois. I rith an tréimhse sin, ghoideadh na heaglaisí agus na mainistreacha arís agus arís eile. Mar gheall ar na ruathair sin, tógadh an chéad droichead chun an baile a chosaint.[2]

Tríd is tríd tá an ceantar buailte go dona ag ionradh,slí bheatha, cogaidh, plá agus gorta thar na blianta agus cosúil leis na pointí trasnaithe cáiliúla eile ar fad na Sionainne, tá an ceantar ar maos i stair shaibhir agus fuilteach.

Ar maidin an lae aonach chapall i mBéal Átha Liag, i mí Fheabhra 1702, d'iompaigh an bád farantóireachta ag iompar mórán daoine agus a n-earraí. De bharr an tubaisteach sin, tógadh droichead cloiche sa bhliain 1706. Mar comhartha dea-thola, thug 'Lord Viscount' céad punt i dtreo an droichid.

Abhainn na Sionainne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugtar faoi deara go bhfuil éileamh mór ar slatiascaireacht i mBéal Átha Liag agus mar gheall ar sin mealann sé slatiascairí iomadúla ó gach cearn den Eoraip. Tugann an tSionainn agus Lough Ree le haghaidh gníomhaíochtaí spóirt uisce, ag crúsáil ina measc. Is aoibhinn an radharc é, go mór mór, nuair a bíonn tú ag dul trasna an droichead.

Stáisiún Cumhachta ESB[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tógadh an Stáisiún Cumhachta ESB sa bhliain 1955. Stáisiún Cumhachta scoite il-bhá, ilstórach atá i gceist agus úsáidtear móin chun é a thiomáint. Tá sé suite in aice le scoil náisiúnta 'Naomh Muire' (Contae Longfort). Bhí Aonad 1 coimisiúnaithe i 1958, Aonad 2 i 1966 agus ag an deireadh, Aonad 3 i 1983. Is sampla breá é gléasra Béal Átha Liag de ailtireacht fheidhmiúil, urraithe an Rialtais ón 20ú, agus tá seans maith go bhfuil sé ceann de na foirgneamh is mó a bheith tógtha riamh i gContae Longfort.[3] Tá an stáisiún cumhachta seo go hard os cionn an cheantair ar fad, agus léiriú é sin gné spéisiúil d'oidhreacht agus an stair shóisialta i mBéal Átha Liag.

Spórt[cuir in eagar | athraigh foinse]

CLG[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bíonn éiléamh an-mhór ag an mbaile le CLG (Cumann Lúthchleas Gael). Is iad Naomh Faithleach (Ros Comáin) agus Rathclaon (Longfort) na hainmneaha ar na gclubanna. Cluain Buinne (Clonbonny) is ainm don pháirc imeartha Rathclaon (Rathcline) agus níl ainm faoi leith ar Naomh Faithleach, ach páirc Naomh Faithleach (St. Faithleachs). Tá siad suite ar an bóthar Longfort agus ar an bóthar Ros Comáin, faoi seach.

Naomh Faithleach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is club sórt rathúil é Naomh Faithleach. Bhuaigh an club dhá chraobhchluiche i gContae Ros Cómaín sna blianta 1965 agus 2002. Chomh maith leis sin, i dtéarmaí peil faoi aois, faoi dhó dhéag agus faoi cheathair déag, go háirithe, rinneadh cónascadh idir CLG Noamh Faithleach agus CLG Béal na mBuillí. Imríonn an bheirt Ó'Muicheartaigh le foireann an Chontae Ros Comáin, Ciaráin agus Diarmuid, i láthair na huaire.[4] Tá peile na mban sa club freisin agus foireann 'Máithreacha agus daoine eile' (Mothers and Others).

Rathclaon[cuir in eagar | athraigh foinse]

Arís, club ráthúil atá i gceist. Bhuaigh Rathclaon mórán coirn ar fud na blianta, ag leibhéal idirmheánach. Bhuaigh siad an an chraobh sin an bhliain seo (2017) agus anuraidh (2017). Bíonn siad ádhúil faoi aois chomh maith agus le blianta beaga anuas rinneadh cónascadh idir iad féin agus CLG Grattan Óg.[5]Imríonn Seán Ó Coinnigh (Shane Kenny), Liam Connerton agus Seán Ó Donnchadha (Shane Donoghue) le foireann Longfort.

Sacar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá nasc idir Baile Átha Liag agus an ainm sacar 'Ballyboro'. Úsáidtear na litríochta 'B' 'A' 'L' 'L' 'Y' ó thaobh Ros Comáin (Ballyleague) agus na litríochta 'B' 'O' 'R' 'O' ó thaobh Longfort (Lanesboro), ach go tábhachtch, úsáidtear an t-ainm sin do na foirne faoi aois, go speisialta. Mar sin, 'Boro Celtic' an t-ainm atá ar foireann sacair na sinsir sa bhaile. Bunaíodh Ballyboro i 2000 agus Boro Celtic i 1972 agus ar a bharr sin, imríonn siad i gconradh Longfort. I rith na blianta, bhí siad an-rathúil, ach, le déanaí, bíonn siad beagán chun deiridh ar chúrsaí. Tá an pháirc suite taobh thiar den meánscoil Béal Átha Liag.

Iascaireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar gheall ar an tSionainn, bíonn daoine ag iascaireacht mar chaitheamh aimsire. Tagann a lán iascairí ar fud na hEorpa go dtí Béal Átha Liag mar a bhíonn dianiomaíócht gach cúpla bliain. Chomh leis sin, tá calafoirt iascaireachta le feiceáil ar an abhainn agus úsáidtear daoine é i rith míonna an tsamhraidh, go sonrach. Tá réimse leathan d'éisc cosúil le liús, breasc agus rudaí mar sin.

Club Trí-atlan[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is club an-rathúil é an club trí-atlan Béal Átha Liag, atá suite ar bhruach na Sionainne. Mar chuid den sraith 'Super Triathlon' na hÉireann, bíonn siad ag óstáil an trí-atlan 'Two Provinces' gach uile bhliain, áit ina bhfuil luthcleasaithe ar fud na tíre ag iomaíocht in éadan a chéile[6], agus éirionn thar cionn leis.

Oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scoileanna ar thaobh Ros Comáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá dhá bhunscoil darb ainm 'Scoil Náisiúnta Béal Átha Liag' (Ballyleague National School)[7] agus 'Scoil Náisiúnta Cluain Tuaisceart' (Cloontuskert National School). Is scoileanna mheasctha iad le daonraí beaga agus tá iad suite ar bhóthar Ros Comáin agus Béal na mBuill, go discréideach.

Scoileanna ar thaobh Longfort[cuir in eagar | athraigh foinse]

Arís, tá dhá bhunscoil ann: 'Scoil Náisiunta Naomh Muire' (St. Mary's National School) agus 'Fermoyle National School'[8]. Scoileanna mheasctha atá i gceist le drochfhreastal idir an dá. Tá meánscoil mheasctha ann i mBéal Átha Liag freisin, darb ainm 'Coláiste Pobail Béal Átha Liag' (Lanesboro Community College)[9]. Meanscoil beag ann atá suite ar bhóthar Baile Úi Mhatháin.

Leabharlann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá leabharlann roinnte suite i lár an bhaile agus tá roinnt seirbhísí ann do gach duine, na páistí agus na daoine fásta, ina measc.

Séirbhísí Reiligiúnacha agus An Áit mar atá sé i Láthair na Huaire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Séirbhísí Reiligiúnacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá dhá eaglais sa bhaile, leis an ainm céanna, ceann amháin situe ar thaobh Ros Comáin agus an ceann eile situe ar thaobh Longfort. Eaglais Naomh Muire, Béal Átha Liag (St. Mary's Church, Ballyleague) agus Eaglais Naomh Muire, Béal Átha Liag (St. Mary's Church, Lanesboro).[10]

An Áit mar atá sé i Láthair na Huaire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le tamall de bhlainta, tógadh páirc spraoi agus tá sé ar cheann de na rudaí is aoibhne do na hóg. Tá cúirteanna leadóige ann, oscailte don phobal, agus thar aon rud eile, tá Coiste na mBaile Slachtmhara ann, chun an áilleacht a chur chun cinn.[11]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Bunachar Logainmneacha na hÉireann" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2018-12-06.
  2. "Longford Tourism — Lanesborough". www.longfordtourism.ie. Dáta rochtana: 2018-12-06.
  3. "Lanesborough Power Station, Lanesborough, County Longford: Buildings of Ireland: National Inventory of Architectural Heritage" (EN). www.buildingsofireland.ie. Dáta rochtana: 2018-12-06.
  4. "Roscommon GAA". www.gaaroscommon.ie. Dáta rochtana: 2018-12-06.
  5. "Rathcline GAA". www.rathcline.gaa.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-11-16. Dáta rochtana: 2018-12-06.
  6. "Lanesboro Triathlon Club" (en-US). Dáta rochtana: 2018-12-06.
  7. "ballyleague-ns" (en). ballyleague-ns. Dáta rochtana: 2018-12-06.
  8. "Home" (en-US). Fermoyle NS. Dáta rochtana: 2018-12-07.
  9. "Lanesboro Community College | Ar aghaidh le Chéile – Forward Together" (en-GB). Dáta rochtana: 2018-12-07.
  10. "Mass Times Lanesborough, St Mary's Church". www.catholicclocks.com. Dáta rochtana: 2018-12-07.
  11. "Ballyleague Village Renewal & Tidy Towns". loughree.ie. Dáta rochtana: 2018-12-07.