Bás inchinne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Diagnóis go bhfuil duine marbh ó chríoch ghníomhaíocht na hinchinne is na gcodanna sin a bhaineann le riospráid is feidhmeanna riachtanacha eile go háirithe. Is gá go ndeimhníonn beirt dochtúirí nach bhfuil ríoga leictreacha ar dhromchla an chinn (is é sin, leictreinceifealagram cothrománach), agus nach bhfuil athfhillteacha stoc na hinchinne i láthair (ina measc frithghníomh mhac imrisc na súile don solas, is ascalú na súl — nistigmeas —mar fhreagairt ar uisce te is uisce fuar i gcanáil sheachtrach na cluaise). De ghnáth déantar an diagnóis ar dhuine atá i gcóma agus a riospráid á coinneáil ar siúl go saorga, ach a chroí ag bualadh fós.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Bás inchinne". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 64.