Bánbhaoite

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bánbhaoite

Is téarma comhchoiteann é bánbhaoite le haghaidh iasc óg neamhaibí, go hiondúil idir 25 agus 50 milliméadar ar fad. Ina measc tá scadáin bheaga an Atlantaigh thuaidh ina gcéad bhliain, agus saláin óga.[1] Is minic a thaistealaíonn éisc óga mar seo le chéile i scoileanna feadh chóstaí, agus bogann siad isteach in inbhir agus uaireanta suas aibhneacha inar féidir iad a ghabháil go héasca, ag baint úsáide as líonta iascaireachta mínmhogallacha. Is éard is bánbhaoiteáil ann ná an ghníomhaíocht a bhaineann le breith ar bhánbhaoite.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Bánbhaoite". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 62.