Bá Ceredigion

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachBá Ceredigion
(en) Cardigan Bay Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
Cineál Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deMuir Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Tír abhantraían Bhreatain Bheag Cuir in eagar ar Wikidata
Limistéar riaracháinan Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 52°30′N 4°25′W / 52.5°N 4.42°W / 52.5; -4.42
Teorainneacha leAberystwyth Cuir in eagar ar Wikidata
Craobh-abhainn

Is ionraoin nó góilín mór de Mhuir Éireannn í Bá Ceredigion (Breatnais: Bae Ceredigion), ag eangaigh chósta thiar na Breataine Bige idir Ynys Enlli, Gwynedd, sa tuaisceart, agus Pencaer, Sir Benfro, sa deisceart. Is í an bhá is mó sa Bhreatain Bheag í.

Tá tránna go leor i bBá Ceredigion, agus fiadhúlra ar leith aige. Ó Chosán Cósta Cheredigion (Llwybr Arfordir Ceredigion) is minic gur féidir le duine deilfeanna bolgshrónacha, muca mara agus rónta glasa an Atlantaigh a thabhairt faoi deara.Tá an daonra is mó de na deilfeanna bolgshrónacha sa Ríocht Aontaithe lonnaithe sa bhá seo.

Tá go leor den chósta thart timpeall na bá ina thalamh fheirme thorthúil, poncaithe le bailte agus ionaid saoire cois farraige ar nós Abergwaun, Cei Newydd, Aberaeron, Llan-non, Aberystwyth, Y Borth, Aberdyfi, Tywyn, Abermaw, Porthmadog agus Pwllheli ar an Chósta Caimbriach.

Sreabhann na haibhneacha móra seo a leanas isteach sa bhá;Afon Glaslyn, Afon Teifi, Afon Rheidol, Afon Dyfi, Afon Aeron, Afon Dysynni agus Afon Mawddach.