Atlas (anatamaíocht)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Radharc os cionn an atlais ó Gray's Anatomy

San anatamaíocht, is é an tAtlas (C1) an chéad veirteabra den cholún, atá ainmnithe as an Dia 'Atlas', sa mhiotaseolaíocht Ghréagach, mar gur iompar sé an chruinneog ar a cheann

Iompraíonn an t-atlas blaosc an chinn, agus tá an 'Ais'( C2), (veirteabra eile) díreach faoina bhun.

Is é atá san atlas ná fainne cnáimhe agus cuasa speisialta ann; bíonn blaosc an chinn ina luí ar na cuasa sin. Nuair a chlaonann duine a cheann, is ag an alt sin, idir an atlas agus an bhlaosc, a tharlaíonn an ghluaiseacht. Nuair a chastar an cheann ar dheis nó ar chlé, is ag an dara veirteabra ( an ais) a tharlaíonn an rothlú.