Athshondas núicléach maighnéadach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Rothlaíonn gach uile núicléón—prótón is neodrón—sa núicléas timpeall ar ais tríd, mar a bheadh caiseal ann. Is féidir dhá threo a bheith ag an nguairne seo. De bhrí go bhfuil lucht leictreach ag an bprótón atá ar aon luach le lucht an leictreoin, feidhmíonn an núicléas atá ag rothlú mar a bheadh maighnéad bunúsach ann. Fiú i gcás an neodróin neodraigh rothlaithe, tá sé ina mhaighnéad lag. Taobh istigh den núicléas ina iomláine, suimítear réimsí na maighnéad chun maighnéad comhthorthach an núicléis a dhéanamh. Má shuitear núicléas aonair hidrigine (prótón aonair) i réimse maighnéadach, treoshuitear an núicléas sa treo céanna leis an réimse. Má bhíonn roinnt núicléas den saghas seo ann, treoshuitear iad go léir sa treo céanna, a bheag nó a mhór. Ansin má fheidhmíonn réimse maighnéadach eile, dírithe i dtreo atá ingearach leis an mbunréimse, aomtar na núicléis amach óna dtreoshuíomh bunaidh. Ach de réir mar a chlaontar iad, leanann siad dá nguairne, agus tosaíonn ais na guairne seo ag rothlú thart ar an z-ais i dtreo an bhunréimse mhaighnéadaigh. Guairne dhúbailte a tharlaíonn mar sin, agus tugtar luainíocht ar an bhfeiniméan seo. Luainíonn gach núicléas thart ar an mbuntreo le minicíocht ar a dtugtar minicíocht Larmor. Tá an mhinicíocht seo sainiúil do gach iseatóp ar leith. Más réimse maighnéadach ailtéarnach an réimse claonta, braitheann a éifeacht chun luainíochta ar a mhinicíocht. Má bhíonn a mhinicíocht cothrom le minicíocht Larmor, tarlaíonn luainíocht athshondach do na núicléis ag minicíocht sin Larmor. Bíonn an luainíocht i réim ar feadh tréimshe tar éis don mhaighnéad claonta lascadh ann, agus tar éis é a lascadh as. Is féidir an dá iompraíocht seo a bhrath le corna suite taobh leis na núicléis atá á suaitheadh, de bhrí go n-ionduchtaítear comhartha voltais sa chorna seo de bharr luainíocht na maighnéad núicléach. Baintear feidhm as an bhfeiniméan seo chun samplaí a thástáil sa cheimic agus íomháú a dhéanamh sa mhíochaine.