Atall

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Atall Atafutrim in Tokelau, san Aigéan Ciúin

Struchtúr beagnach ciorclach de sceireacha coiréil a fhálaíonn murlach. Tarlaíonn ataill in uiscí teo soiléire trópaiceacha aigéanacha mar ar féidir le coiréil is algaí coiréalacha fás go maith. Thairg Darwin gur céim dheireanach i gcruthú sceireacha iad. Sa chéad chéim cruthaítear sceir imeallach gar don tír gan aon mhurlach nó le murlach beag idir sin is an tír. Sa dara céim cruthaítear sceir baic amach ón gcósta le murlach idir sin is an tír. Is atall an 3ú céim, an chéim is aibí, gan aon tír a bheith i láthair. Thairg Darwin freisin go leanann na sceireacha ag fás suas i dtreo dromchla an aigéin de réir mar a thugann oileáin bholcánacha faoin aigéan. Rinneadh druileáil ar ataill éagsúla agus fuarthas go seasann siad ar bhoinn bholcánacha, rud a thug tacaíocht láidir do thairiscint Darwin.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Atall". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 53.