Astraláib

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Astraláib a bhíodh in úsáid i Sasana sa bhliain 1388

Ionstraim ársa ó timpeall 200 RC chun ionaid na Gréine is na réaltaí geala ag dáta is am ar bith a léiriú. Agus í oiriúnaithe le treoracha, bhaintí úsáid as freisin chun airde reanna neimhe os cionn bun na spéire a thomhas. Sa mhodh oibre deireanach seo, ba réamhteachtaire í ar an seiseamhán a tháinig in úsáid sa 15ú céad.