Astar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ball de ghrúpa mór plandaí atá ilbhliantúil den chuid is mó, ó Mheiriceá, an Eoráise is an Afraic. Na bláthchinn cosúil le nóiníní, i gcrobhaingí de ghnáth. Na bláthóga gathacha seachtracha gorm, corcra, bándearg nó bán. Ag bláthú sa bhfómhar nó déanach sa samhradh go minic. Cuid mhaith díobh an-choitianta mar mhaisiúcháin.