Astaitín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Teimpléad:Dúil cheimiceach bosca eolais

Is é an t-astaitín dúil uimhir a 85, agus is í an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná At. Ceann de na halaiginí atá ann, ach le fírinne, is dúil éagobhsaí ghearrshaolach radaighníomhach é, agus is é is brí lena ainm féin ná "éagobhsaí, neamhbhuan, duthain". Is é astaitín a 210 an t-iseatóp is fadsaolaí - 8.1 uair an chloig ar leathré. Mar sin, is deacair toirt mhór astaitín a chur le chéile, agus dá n-éireodh an cleas le haon duine, ní bheadh fonn air féin dul i gcóngar na toirte sin chomh radaighníomhach is a bheadh sí.

Ba iad Dale R. Corson, Emilio Segrè agus Kenneth Ross McKenzie a shintéisigh an chéad eiseamal astaitín sa bhliain 1940. Ba iadsan a d'ainmnigh an dúil freisin. Roimhe sin, bhí eolaithe eile cinnte go raibh siad tar éis dúil uimhir a 85 a aithint. Sa bhliain 1931, thug Fred Allison in Institiúid Pholaiteicniúil Alabama alabaimín ar an dúil seo, ach sa deireadh tháinig chun solais nach raibh a fionnachtain déanta aige ar aon nós. Bhí an ceimiceoir Rajendralal De ag obair in Dhaka san India (inniu, an Bhanglaidéis), agus sa bhliain 1937, mhol an ceimiceoir seo daicín mar ainm don dúil, ó cheap sé go raibh sí faighte aige. Mhol an ceimiceoir Walter Minder an t-ainm heilvéitiam, a bhí bunaithe ar ainm Laidine a thíre dúchais, an Eilvéis.

Sa bhliain 1943, d'aithin Berta Karlik agus Traude Bernert go bhfuil iarsmaí beaga astaitín ar fáil sa dúlra mar thoradh idirmheánach don mheath radaighníomhach. Ní bhíonn ach adamh anseo agus adamh ansiúd ann, áfach, chomh gearrshaolach is a bhíonn na hiseatóip go léir.

Mar sin, tá ár n-eolas ar an astaitín tearc tanaí, agus ni féidir mórán leasa a úsáid as ach an oiread. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil sé sách cosúil leis an iaidín ó thaobh na ceimice de, agus is dócha gur féidir comhdhúile astaitín a úsáid i radaiteiripe - is é sin, le cealla ailse a mharú le radaíocht.