Asgard
Tógadh an luamh Asgard i 1905 agus tugadh é mar bhronntanas pósta óna tuismitheoirí do Mhary Osgood a phós Erskine Childers, Sasanach a bhí an-dílis don impireacht agus údar an leabhar Riddle of the Sands. Nuair a chonaic Childers go raibh Óglaigh Uladh á n-armáil féin agus ag bagairt foréigin in aghaidh Rialtas Dúchais d'Éirinn, thug Childers aird ar éileamh na nÓglach Náisiúnta agus bheartaigh sé cabhrú leo roinnt gunnaí a fháil mar fhreagra ar an mbagairt ó na dílseoirí.
Ar an 26 Iúil 1914 thug Erskine agus Mary, agus ceathrar eile, lastas de 900 raidhfil agus 25,000 piléar leo as Hamburg na Gearmáine go Beann Éadair, tar éis dóibh turas garbh a chur díobh tríd an Mhuir Thuaidh agus Muir Éireann. Dhíol bean Childers an Asgard i 1926 agus bhí úinéirí éagsúla aige go dtí gur cheannaigh Rialtas na hÉireann é i 1961 le húsáid mar bhád traenála. Bunaíodh Coiste an Asgard i 1968 agus leanadh ar aghaidh dá úsáid chun an tseoltóireacht a theagasc do dhaoine óga na hÉireann go dtí 1974. Cuireadh an seanbhád ar taispeáint in Iarsmalann Stairiúil Phríosúin Chill Mhaighneáin i 1979.
Bhí bád eile ag Coiste an Asgard, ar a dtugtar an Asgard II a coimisiúnaíodh i 1981, ach chuaigh sé go tóin poill ar an 11 Meán Fómhair 2008 i mBá na Bioscáine. Ar an 23 Feabhra 2009, d'fhógair rialtas na hÉireann nach n-ardófar arís é.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.