Asaint
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is paróiste riaracháin nó 'sgìre' in iar-thuaisceart na hAlban í Asaint. Tá sí ina chomhpháirt den chontae traidisiúnta 'Cataibh'. Tá Asaint suite taobh ó thuaidh d'Ulapul. Tháinig an t-ainm ón sean-Lochlannais a chiallaíonn 'deireadh an droma'. Is é Loch an Inbhir an baile is mó in Asaint.
Cruth na tíre[athraigh]
Tá clú ar Asaint mar gheall ar a tírdhreacha. Tá Anaclann Náisiúnta Dúlra Chreag a' Chnocain (Béarla: Knockan Crag National Nature Reserve) lena n-áirítear ionad cuairteoirí a thugann léirmhíniú ar an ghné geolaíochta Sá-éascan a'Mhoine (Béarla: Moine Thrust), mar chuid de Geopháirc Iar-Thuath na Gàidhealtachd.
Tá Uaimh an Chlaoin, an uaimh is faide in Albain sa cheantar seo, suite 5 mhíle (8.0 km) ó dheas d'Innis nan Damh.