Asúchán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Eastóscadh ábhair ó phas amháin isteach i bpas eile, de ghnáth trí imoibriú ceimiceach (ceimeasú) idir an t-ábhar asúite (an t-asúiteán) is dromchla an ábhair asúite (an t-asúiteoir). Uaireanta déantar aonchorp den asúiteán is struchtúr an asúiteora. Mar shampla, is féidir le pallaidiam na céadta oiread dá thoirt féin de hidrigin ghásach a asú.