Arthur Holly Compton

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fisicí a rugadh i Wooster, Ohio ab ea Arthur Holly Compton (1892-1962). Chuidigh sé le forbairt an bhuama adamhaigh. Roinn sé Duais Nobel sa bhfisic i 1927 as iarmhairt Compton a aimsiú, méadú i dtonnfhaid X-ghathanna nuair a imbhuaileann siad le leictreoin in adaimh le meáchain ísle adamhacha.