Arthur Edwin Kennelly

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Innealtóir a rugadh i Mumbai na hIndia ab ea Arthur Edwin Kennelly (1861-1939). Thosaigh sé ag obair le Thomas Edison sna Stáit Aontaithe i 1887, agus chuaigh le comhairleoireacht i bhPhiladelphia i 1894. D'fhorbair sé anailísí nua matamaiticúla do chiorcaid leictreacha, agus i 1902 tháinig ar an gciseal ianaithe san atmaisféar (ar a dtugtar ciseal Kennelly uaireanta) ag an am céanna is a rinne Oliver Heaviside an fhionnachtain chéanna sa Bhreatain.