Artaire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Artaire

Is éard is artaire ann ná fuileadán sa cholainn a iompraíonn an fhuil ón gcroí go dtí fíocháin na colainne. Tá artairí móra, artairí meánacha is artairí beaga (artairíní) ann. Rialaítear an soláthar fola le matáin mhíne (faoi rialú simpiteach) i mballaí na n-artairí a athraíonn trastomhas na n-artairí.

Le haois éiríonn ballaí na n-artairí níos righne, agus na hartairí féin stoptha, a bheag nó a mhór, le deascadh saille, cólaistéaróil is eile ionas go gcailltear an rialú is nach soláthraítear dóthain fola (nó ocsaigine) d'orgáin na colainne.