Arsanaíd ghailliam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

GaAs, ábhar leathsheoltóra a úsáidtear i dtrasraitheoirí, cealla gréine is léasair leathsheoltóra (ach nach n-úsáidtear in aon chor chomh minic le sileacan chuige seo). Cosúil le sileacan, agus déantar í a dhópáil chun a sheoltacht leictreach a mhodhnú mar is gá. Gluaiseann leictreoin i bhfad níos tapa ann ná i sileacan, agus is cinnte go mbainfear feidhm i bhfad níos mó aisti as seo amach. Buntáiste eile ag GaAs thar Si is ea go dtraiseolann sé solas, rud a bheidh an-tábhachtach sna slisní ina mbeidh fótóin mar iompróirí sonraí in ionad leictreon.