Ardeaglais Phádraig, Ard Mhacha (Eaglais na hÉireann)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ardeaglais Phádraig, Ard Mhacha ( Eaglais na hÉireann)
Leacht ar an bhall thiar taobh amuigh den Chroslann Thuaidh i gcoimhne Brian Bóirmhe, Ard-Rí na hÉireann

Is í Ardeaglais Phádraig, Ard Mhacha suíochán Ardeaspaigh Ard Mhacha de chuid Eaglais na hÉireann. Ba é suíochán na hEaglaise Caitlicí é go dtí aimsir an Reifirméisin.

Stair[athraigh | edit source]

De réir traidisiúin, sa bhliain 445, thóg Naomh Pádraig eaglais chloiche ar an chnoc ar a dtugtaí an Droim Saileach. Tógadh ceann de na mórscoileanna mainistreacha ba mhó clú agus cáil in Éirinn ann agus thriall mic léinn uirthi ó cheithre hairde na hEorpa, Bhí léirscrios déanta ar an Ardeaglais agus an láthair naofa, ar a laghad 17 uair lena linn, ach rinneadh í a athchóiriú, i gcónaí, ina dhiaidh. Sa bhliain 1268, mhéadaigh an tArdeaspag Ó Scanláin an teach pobail agus thug seo an leagan amach dó mar atá anois. Rinne an tArdeaspag Tiarna John George Beresford agus an t-ailtire Lewis Nockalls Cottingham an mór-athchóiriú deireanach dó, idir na blianta 1834 agus 1840.

Bunchló urlár na talún, Ardeaglais Phádraig( Eaglais na hÉireann)

Nithe stairiúla[athraigh | edit source]

Tá na nithe seo a leanas ar thaispeáint san Ardeaglais;

  • Dealbh de Sir Thomas Molyneaux M.D. ó Castledillon, Cill Dara, arna dhéanamh ag Roubillac ( 1695-1762).
  • Codanna de chros ársa Ceilteach ón 11 ú haois, a bhí ina sheasamh tráth ar shleas an chnoic taobh thoir den Ardeaglais.
  • Leach i gcuimhne an Déan Peter Drelincourt. a rugadh i sa bhliain 1644, arna dhéanamh ag Rysbrack, an delabhadóir clúiteach.
  • 'Cathaoir Bramhall' ón bhliain 1661, tabhartas ón ardeaspag John Bramhall ((1594—1663).
  • Léachtán prais ón bhliain 1879, tabhartas Chichester Samuel Parkinson-Fortescue, an Dara Tiarna Clermont (1823-1898).
  • Séipéal Míleata sa Chroslann Dheas, i gcuimhne na Royal Irish Fusiliers ata anois cósnaimthe leis an Royal Irish Regiment.
  • Dealbh bhrás den Phríomhaidh Richard Robinson ( 1765-94), arna dhéanamh ag Nollekins.
  • Fear Thíon Re Ghaoith.
  • Umar baistí ar cóip e de chloch shnoite aisteach ochtagánach a fuarthas seacht dtroigh faoin talamh cóngarach do dhoras thiar na hArdeaglaise sa bhliain 1805. An t-ailtire L.N. Cottingham a dhear é sa bhliain 1834.
  • Leacht ar an bhalla thoir taobh amuigh den Chroslann Thuaidh i gcuimhne Brian fir1 Bóramha.

Seirbhísí[athraigh | edit source]

  • An Domhnach: 10.00 r.n., 11.00 r.n., 3.15 i,n,
  • Laethanta na seachtaine: 9.30 r.n.
  • Céad Satharn: 6.00 i.n.

Adhlacthaí[athraigh | edit source]

Orgán and Orgánaithe[athraigh | edit source]

Orgán[athraigh | edit source]

Sonraí an orgáin ó an 'National Pipe Organ Register'.

Orgánaithe[athraigh | edit source]

  • 1634 Richard Galway
  • 1661 John Hawkshaw
  • 1695 Robert Hodge
  • 1711 William Toole
  • 1722 Samuel Bettridge
  • 1752 John Woffington
  • 1759 Robert Barnes
  • 1776 Langrishe Doyle
  • 1782 Richard Langdon
  • 1794 John Clarke Whitfield
  • 1797 John Jones
  • 1816 Frederick Horncastle
  • 1823 Robert Turle
  • 1872 Thomas Marks
  • 1917 G. H. P. Hewson
  • 1920 Edred Chaundy
  • 1935 Reginald West
  • 1951 Frederick Carter
  • 1966 Christopher Phelps
  • 1968 Martin White
  • 2002 Theo Saunders

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]