Aorta
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann. Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Is é an t-Aorta,( ón nGréigis "aeiro", ardaigh)[1] an fuileadán is mó sa cholainn, ag eirí as méadailín clé an chroí agus ag tógáil fuil a bhfuil ocsaigin ann go gach cuid den cholainn sa chóras imshruthaithe córasach.[2]
Clár ábhair |
[athraigh] Cúrsa an aorta
Is Iondúil go roinntear an t-aorta ina chúig chuid/roinn[3][4]:
- An t-aorta éiritheach-an chuid idir an croí agus áirse an aorta
- Áirse an aorta- buaic an aorta atá cosúil le "U" bun os cionn
- An t-aorta íslitheach- an chuid den aorta ón áirse go dtí an pointe ag a roinneann sé ina artairí iliacha comónta
- Aorta an Tóracs- an leath den aorta íslitheach os cionn na scairte
- Aorta an abdómnain- an leath den aorta íslitheach faoi bhun na scairte
[athraigh] Gnéithe
Artaire leaisteach is ea an t-aorta, agus mar sin ta sé insínte go maith. Nuair a chrapann an méadailín clé le fuil a bhrú isteach san aorta, méadaíonn an t-aorta. Tugann an síneadh seo an fuinneamh poitéinsiúil a choinneoidh an brú fola i rith diastóil, mar go gcrapann an t-aorta go h-éighníomhach le linn an ama seo.
Radharc tosaigh ón tosach den chroí daonna agus é ar oscailt. Léiríonn na saighde bána gnáth-shreabhadh na fola
[athraigh] Galair/Paiteolaíocht
- Ainéaras Chuas Valsalva
- Ainéaras Aortach- míotach(myotic), baictéarach (m.sh an bholgach fhrancach(an tsifilis)), siabhránach, géiniteach, bainteach le galar comhlach de chuid an chroí
- Ainéaras Aortach Diosctha
- Comhchaolú aortach- réamh-dhuchta, iar-dhuchta
- Ataireóiscléaróis
- Siondróm Marfan
- Siondróm Ehlers-Danlos
- Steanóis aortach
- Tráma, mar shampla maidhm thrámach aortach, don chuid is mó bíonn sé tóracsach agus aimhneasach don artaire fochlabhach ar chlé, agus bíonn sé marfach go minic.
[athraigh] Tagairtí
- ↑ Illustrated Steadman's Dictionary, 24ú ed.
- ↑ Maton, Anthea (1993). Human Biology Health. Englewood Cliffs, New Jersey: Prentice Hall. ISBN 0-13-981176-1.
- ↑ Tortora, Gerard J: "Principles of Human W. & Karen A. Koos: Human Anatomy, second edition, page 479. Wm. C. Brown Publishing, 1994 (ISBN 0-697-12252-2)
- ↑ De Graaff, Van: "Human Anatomy, fifth edition", pages 548-549. WCB McGraw-Hill, 1998 (ISBN 0-697-28413-1)