Aontas Idirnáisiúnta Teileachumarsáide

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
International Telecommunication Union

Union Internationale des Télécommunications

Bratach ITU
Bratach ITU
Ceanncheathrú: An Ghinéiv
Ard-Rúnaí: Hamadoun Touré
Foirmiú: 17 Bealtaine, 1865
Suíomh gréasáin oifigiúl: http://www.itu.int

Gníomhaireacht is ea Aontas Idirnáisiúnta Teileachumarsáide (Béarla: International Telecommunication Union) de chuid na Náisiún Aontaithe ó 1947 chun comhoibriú idirnáisiúnta a chur ar aghaidh maidir le gach gné den teileachumarsáid, agus rialacháin a réiteach ar líonraí domhanda is minicíochtaí raidió. Bunaíodh ar dtús i bPáras i 1865 é, ghlac sé a ainm reatha i 1935, agus tá a phríomhoifig sa Ghinéiv.