Aonchló

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

San ealaín, cló aonuaire a dhéantar trí phéintéireacht ar leathán gloine nó miotail agus bileog páipéir a bhrú anuas ar an dromchla fliuch. I measc na n-ealaíontóirí a bhain feidhm as bhí Castiglioni sa 17ú céad, Blake sa 18ú céad, agus Degas sa 19ú céad (ina chás seisean, i gcomhar le meáin eile cosúil le pastail, go minic).[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Aonchló". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 44.