Aonad maise adamhaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Aonad maise, leis an tsiombail u. Sainmhínítear é mar 1/12 mhais adamh carbóin-12. Is ionann 1 u is 1.66 × 10-27 kg. Uaireanta tugtar an daltún ar an aonad seo. Úsáidtear é chun maiseanna adamhacha coibhneasta adamh a lua.