Aonad Taighde na bhFórsaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaAonad Taighde na bhFórsaí
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1979
Rialachas corparáideach
Duine ábharthaBrian Nelson Cuir in eagar ar Wikidata

Is éard atá i gceist le hAonad Taighde na bhFórsaí ná aonad faisnéise rúnda de chuid Arm na Breataine ar bhunaigh Roinn Chosanta na Ríochta Aontaithe é sa bhliain 1980 le cuidiú leis na fórsaí slándála na poblachtánaigh Éireannacha, an tIRA Sealadach go háirithe, a chloí. Bhí an tAonad lonnaithe i mBeairicí Thiepval i Lios na gCearrbhach, Contae Aontroma. Bhí an tAonad Taighde dírithe ar chaidreamh a choinneáil leis na gníomhairí rúnda a bhí ag obair i measc na bparaimíleatach.

Bhí a lán líomhaintí ann go raibh an tAonad seo ag déanamh claonpháirteachais, is é sin, ag comhoibriú ar chúla téarmaí leis na paraimíleataigh dhílseacha, ar nós Cumann Cosanta Uladh, agus go raibh freagracht ar an Aonad as 14 Caitliceach a mharú, an chuid is mó acu i mBéal Feirste.