Aodán Mac Póilin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is scríbhneor é Aodán Mac Póilin atá gníomhach ar son na Gaeilge i dTuaisceart Éireann.

Clár ábhair

[athraigh] Saol

Rugadh i mBéal Feirste é, agus tá sé ina chónaí i nGaeltacht Bhéal Feirste. D'fhreastal sé ar Ollscoil Uladh agus bhain sé bunchéim agus M.Phil sa Léann Éireannach amach. Iar-mhúinteoir atá ann.

[athraigh] Eagraíochtaí

Ghlac sé post mar Stiúrthóir ar Iontaobhas Ultach sa bhliain 1990. Dar le beo.ie, "Bhí an dearg-ghráin ag go leor de náisiúnaithe na sé chontae ar an eagras [Iontaobhas Ultach] sna nóchaidí de bhrí gurbh é rialtas na Breataine a chuir maoiniú ar fáil dó ag an am agus chaith go leor acu go suarach leis an té a bhí agus atá i gceannas air, an Béal Feirsteach Aodán Mac Póilín."[1] Deir Risteard Mac Gabhann go raibh "cluiche an-chontúirteach á imirt acu" maidir le Mac Póilin, agus "Bhí clúmhilleadh ar siúl ag cuid de na colúnaithe a bhí ag scríobh ina éadan. Ag an am, bhí go leor gealt ag dul thart a d’amharcfadh air seo agus b’fhéidir a ghlacfadh treoir uaidh agus a dhéanfadh dochar d’Aidan. Sin an eagla is mó a bhí air. Bhí seisean ag siúl thart fá na ceantair seo i rith ama sin, bhí sé ina chónaí i gceartlár Bhaile Andarsan.”[2]

Bhí Mac Póilin gníomhach sa Bhiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana agus i gComhairle Caidrimh Pobail Thuaisceart Éireann, agus bhí sé mar Chathaoirleach ar an chéad Ghaelscoil i dTuaisceart Éireann. Ba bhall boird le Foras na Gaeilge, Colm Cille, agus Comhairle Craoltóireachta Thuaisceart Éireann é. Tá sé ina bball boird é le Cultúir na hÉireann, Comhairle na Gaelscolaíochta, agus Aonad Seamus Heaney, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, faoi láthair.

Maíonn sé go bhfuil buntáiste le fáil ag aontachtaithe an Tuaiscirt má chuireann siad béim ar an mbaint leis an tír as ar tháinig cuid mhaihh dá muintir.[3] Bunaíodh an Preispitéireachas, an creideamh Protastúnach is mó i dTuaisceart Éireann, in Albain – agus dar leis, ofrálann an tír sin féiniúlacht pholaitiúil Bhriotanach nach bhfuil Sasanach, rud a mheallfadh aontachtaithe a mhothaíonn deighilt idir iad féin agus Westminster.[4]

[athraigh] Saothair

Tá altanna scríofa agus léachtanna tugtha ag Mac Póilin ar go leor ábhar a bhaineann le cúrsaí cultúir, litríochta agus teanga. Bhí Mac Póilin mar eagarthóir ar na leabhair seo leanas: Styles of Belonging: the cultural identities of Ulster (1992), Ruined Pages, New Selected Poems of Padraic Fiacc (1994), The Irish Language in Northern Ireland (1997). Ba bhall de phainéal eagarthóireachta Leabhar Mór na Gaeilge (2002) é.[5]

[athraigh] Tagairtí

Do chuid uirlisí
I dteangacha eile