Antonio Pollaiuolo

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Gabha óir is péintéir a rugadh i bhFirenze na hIodáile ab ea Antonio Pollaiuolo (c 1432-1498). Theilg sé na séadchomharthaí tuamúla do bheirt pápaí i mBaisleac Pheadair sa Róimh. Ba cheannródaí i measc péintéirí é lena staidéar dian ar anatamaíocht agus a chur i bhfeidhm ina ealaín, go háirithe chun gluaisne a chur in iúl. Chabhraigh a dheartháir Piero (1443-1496) leis ina shaothar.