Antonie van Leeuwenhoek
| Antonie van Leeuwenhoek | |
| Portráid de Van Leeuwenhoek le Jan Verkolje | |
| Dáta breithe | 24 D. Fómhair, 1632 |
| Delft, An Ísiltír | |
| Dáta báis | 26 Lúnasa, 1723 (aois 90) |
| Delft, An Ísiltír | |
| Náisiúntacht | Ísiltíreach |
| Réimsí | Micreascópaí |
| Iomráiteach do | D'aimsigh protozoa agus rinne an chéad tuairisc ar chealla dearga fola |
| Síniú |
|
Ba cheardaí agus eolai Ísiltíreach é Antonie Philips van Leeuwenhoek (rugadh ar an 24 Deireadh Fómhair, 1632 agus fuair sé bás ar 26 Lúnasa, 1723 - curtha ar an 30 Lúnasa) ó Dhelft, An Ísiltír, ar a dtugtar de ghnáth "Athair na Micribhitheolaíochta", agus a mheastar a bheith ar an gcéad micribhitheolaí. Tá aithne níos fearr air as a chuid oibre ar an mhicreascóp agus le haghaidh a chuid ranníocaíochtaí i leith na micribhitheolaíochta a bhunú. Ag baint úsáide as a mhicreascóp lámhdhéanta, ba é an chéad duine a bhreath agus cur síos ar mhicraorgánaigh aoncheallacha, agus rinne sé tagairt orthu ar dtús mar 'animalcules', dá ngairtear 'miocrorgánaigh' anois. Ba é an chéad duine a rinne taifead ar a bhreathnuithe micreascópacha agus é ag amharc ar shnáithíní matáin, bhaictéir, speirm agus ar imshruthú na fola i ribeadáin (fuileadáin beaga). Ní raibh Van Leeuwenhoek ina údar ar aon leabhair riamh, ach scríobh sé go leor litreacha.