Anton Graff
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Anton Graff | |
| Féinphortráid 1805/06 | |
| Dáta breithe | 18 Samhain, 1736 |
| Dáta báis | 22 Meitheamh 1813 |
| Náisiúntacht | Eilvéiseach |
| Gairm | Portráidí |
Bhí Anton Graff ina phortráidí oirirc Eilvéiseach (rugadh 18 Samhain 1736, fuair bás 22 Meitheamh 1813) agus ba é an portráidí ba thábhachtaí de chuid an ama sin. Tháinig thart ar 2,000 dá chuid saothar slán.
Saol[athraigh]
Ba mhac é le Hans Ullrich Graff a bhí ina cheardaí agus Barbara Graff geb. Koller. Rugadh é san Eilvéis i gcathair Winterthur. Rinne sé staidéar ar phéintéireacht sa scoil ealaíne logánta (Gearmáinis: die Zeichenschule) faoi Johann Ulrich Schellenberg. Ina dhiaidh sin chaith sé bliain mar phrintíseach i gcathair Augsburg. Dhírigh sé ar phéintéireacht na bportráidí den chuid is mó.
| Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann leis an ábhar seo: Anton Graff |