Antoine Thomson d'Abbadie

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Antoine Thomson d'Abbadie
Anton abbadia.png
Dáta breithe 3 Eanáir 1810
  Baile Átha Cliath
Dáta báis 19 Márta 1897
  Páras
Gairm Tíreolaí, taiscéalaí

Ba thíreolaí clúiteach é Antoine Thomson d'Abbadie. Rugadh i mBaile Átha Cliath ar an 3 d'Eanáir 1810 é. Bascach ba ea a athair agus Éireannach ba ea a mháthair. Ba dheartháir leis Arnaud Michel d'Abbadie.

Bhog an teaghlach go dtí An Fhrainc sa bhliain 1818. Sheol an Acadamie française chuig An Bhrasaíl é sa bhliain 1835 ar thuras eolaíochta. Scríobh sé tráchtas ar na rudaí a chonaic sé ann. Foilsíodh sa bhliain 1873 é mar Observations relatives à la physique du globe faites au Bresil et en Ethiopie. Chaith a dheartháir Arnaud seal san Ailgéir agus sa bhliain 1837 thaisteal an bheirt acu chun na hAetóipe. Shroich siad Massawa i mí Fheabhra 1838. Thug siad cuairt ar áiteanna éagsúla ina n-áirítear Ennarea agus Kaffa, áiteanna nach raibh mórán aithne orthu san Eoraip an tráth sin. Uaireanta bhíodh siad ag taisteal i dteannta a chéile agus uaireanta eile, bhiodh siad ag taisteal ina n-aonar. Is iomaí dua agus cruachás a chasadar leis. Bhí siad gníomhach freisin i gcomhchealga. Tar éis dóibh faisnéis luachmhar a bhailiú faoi thíreolas, geolaíocht, seandálaíocht agus dúlra na hAetóipe, d'fhill an bheirt acu ar an bhFrainc sa bhliain 1848. Thosaigh siad ag ullmhú cad a bhí scríofa acu len iad a fhoilsiú.

Cháin a lán daoine saothar Antoine. D'áitigh a lucht cáinte nach raibh firicí cearta aige. Cháin Charles Tilstone Beke go géar é, ag áitiú go raibh sé insint bréaga maidir leis an turas go Kana. Ach tá sé léirithe ó shin ag taiscéalaithe eile a tháinig i ndiaidh Abbadie go raibh tuairisc Abbadie iontaofa. Ba é an t-aon rud a bhí mícheart ag Abbadie ná a bharúil gurb é an Níl Ghoirm príomhshruth na habhann. Foilsíodh torthaí topagrafacha i bPáras idir a 1860 agus a 1873 i Geodesie d'Ethiopie, a bhí breac le sonraí luachmhara agus ina raibh deich léirscáil. Níor foilsíodh ach imleabhar amháin de chuid Geographie de l'Ethiopie (Páras, 1890). In Un Catalogue raisonné de manuscrits ethiopiens (Páras, 1859) tugtar cur síos ar 234 lámhscríbhinní Aetópacha a bhailigh Antoine. Chuir sé foclóirí éagsúla i dtoll a chéile freisin, Dictionnaire de la langue amariñña (Páras, 1881) san áireamh. D'fhoilsigh sé cáipéisí éagsúla faoi thíreolaíocht na hAetóipe, boinn airgid Aetópacha agus inscríbhínní ársa. D'fhoilsigh sé tuairisc darbh ainm Reconnaissances magnetiques faoi na grinnithe adhmainteacha a chonaic sé nuair a bhí sé ag taisteal chuig an Mhuir Rua. Foilsíodh scéal na n-aistear sa bhliain 1868 mar Douze ans dans la Haute Ethiopie. Ba é Arnaud a scríobh é.

Bronnadh bonn mór Société de Géographie Pháras ar an mbeirt acu in 1850. Bhí Antoin ina ridire den Légion d'honneur agus comhalta d'Acadamh Eolaíochta na Fraince. Fuair sé bás sa bhliain 1897.