Antares (réalta)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is í AntaresAlpha Scorpii an séú réalta déag is gile i spéir na hoíche, agus í ar ceann de na ceithre réalta is gile in aice leis an éiclipteach in éineacht le hAldebaran, Spica, agus Regulus. Réalta mhallathraitheach í Antares, agus í +1.09 ar meánmhéid.

Is ollfhathachréalta í Antares, agus is é a rangú réalteolaíoch ná M1.5Iab-b - is é sin, réalta cuíosach fuar í, agus í dearg ar a dath. Is ionann a ga agus ga na Gréine méadaithe faoi 883, agus dá gcuirfí in áit na Gréine í, bheadh fithis Mharsa féin taobh istigh den réalta. De réir an tsaobhdhiallais, is féidir a oibriú amach go bhfuil Antares suite faoi 550 solasbhliain, nó 170 parsoic, den Domhan s'againn. Tá a hamharclonrachas timpeall ar 10,000 oiread agus amharclonrachas na Gréine, ach is mar radaíocht infridhearg a astaíonn sí an chuid is mó dá cuid fuinnimh, agus mar sin, tá a lonrachas bólaiméadrach timpeall ar 65,000 oiread agus lonrachas bólaiméadrach na Gréine. (Is éard is lonrachas bólaiméadrach ná tomhas ar lonrachas na réalta a chuireann san áireamh na cineálacha eile radaíochta i mbreis ar an solas infheicthe.) Mór millteanach is mar atá Antares, níl ach mais na Gréine méadaithe faoi 15 nó 18 ann, agus mar sin, tá an mhais sin scaipthe an-tanaí sa réalta.


Réalteolaíocht
Is síol réalteolaíochta é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.