Anraí Joy Mac Reachtain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Anraí Joy Mac Reachtain

Ba dhéantúsóir cadáis agus thionsclóir , Phreispitéireach, Éireannach radacach, agus ball bunaidh, mar aon le Theobald Wolfe Tone, James Napper Tandy, agus Robert Emmet, Cumann na nÉireannach Aontaithe é Anraí Joy Mac Reachtain (Béarla: Henry Joy McCracken) (31 Lúnasa, 1767 - 17 Iúil, 1798) .

Rugadh agus tógadh Anraí i mBéal Feirste, deartháir an athchóiritheoir sóisialta, Máire Ann Nic Reachtain ab ea é. Ina luath-óige, léirigh sé suim sa pholaitíocht radacach , agus chuaigh sé isteach san eagraíocht Cumann na nÉireannach Aontaithe sa bhliain 1795, agus go tapa dírigh na húdaráis Rialtais air. Thaistil sé go rialta ar fud na tíre ag earcú ball nua don Chumann agus a leasa gnó úsáidte aige mar chlúdach. Gabhadh é i nDeireadh Fómhair na bliana 1796 agus cuireadh é i bPríosún Chill Mhaighneann i mBaile Átha Cliath.