Anraí I Shasana
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Anraí I | |
|---|---|
| Rí Shasana agus Diúc na Normainne | |
| Pictiúr d'Anraí i gCroinic Dhathmhaisithe Matthew Paris | |
| Réimeas | 3 Lúnasa 1100 – 1 Mí na Nollag 1135 |
| Dáta breithe | 1068/1069 |
| Áit bhreithe | Selby, Yorkshire |
| Dáta báis | 1 Mí na Nollag 1135 |
| Áit bháis | Saint-Denis-en-Lyons, An Normainn |
| Réamhtheachtaí | Liam II |
| Comharba | Stiofán (de facto) An Banimpire Matilda (de jure) |
| Rítheaghlach | Ríora na Normainne |
| Céile | Matilda na hAlban (1100–1118) Adeliza Lováin (1121–1135) |
Bhí Anraí I (t. 1068/1069 – 1 Mí na Nollag 1135) ina rí ar Shasana ó 1100 go dtí lá a bháis. Bhí sé ar an gceathrú mac ag Liam I agus tháinig sé i gcomharbas ar a dheartháir Liam II, fear a bhí gan oidhre. Fuair sé an bua ar an deartháir ba shine leis, Roibeard Curthose, chun teideal Dhiúc na Normáine a bhaint amach sa bhliain 1106. Tugadh an leasainm Beauclerc ar Anraí mar gheall ar an tsuim a bhí aige sa léann, chomh maith le Leon an Chirt mar gheall ar an bhforbairt a rinne sé ar an gcóras dlí agus riaracháin sa tír lena linn. Tháinig a chol ceathrair Stiofán i gcomharbas air.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.