Anna Politkovskaya

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Anna Politkovskaya
Anna politkovskaia paris.jpg
Dáta breithe 30 Lúnasa, 1958
  Nua-Eabhrac (cathair), Stáit Aontaithe Mheiriceá
Dáta báis 7 Deireadh Fómhair, 2006
  Moscó, an Rúis
Náisiúntacht Úcránach; bhí sí ina saoránach Meiriceánach agus Rúiseach araon
Gairm Iriseoir, údar
Seánra Polaitíocht, saoirse an phreasa, agus cearta an duine

Iriseoir agus scríbhneoir a bhí in Anna Stepanovna Politkovskaya, née Mazeppa (Rúisise: А́нна Степа́новна Политко́вская). Chaith sí dúthracht a saoil le cearta an duine agus saoirse an phreasa a chur chun cinn sa Rúis, agus sa deireadh fuair sí bás ar a son. Is é an tuiscint a bhí aici ar chogadh na Seisnia ná gur cinedhíothú glan ar na Seisnigh a bhí ann, agus í ag cur in aghaidh an chogaidh. Bhí sí go tréan in aghaidh an uachtaráin Vladimir Putin freisin. Ar an 7 Deireadh Fómhair 2006, lámhachadh í nuair a bhí sí ag dul isteach san ardaitheoir sa bhloc árasán ina raibh ina cónaí.

[athraigh] A Saol

Rugadh Anna Mazeppa i Nua-Eabhrac sa bhliain 1958. Úcránaigh ab ea a tuismitheoirí, agus iad ag obair ina dtaidhleoirí sna Náisiúin Aontaithe. Tháinig Anna i gcrann i Moscó, agus sa bhliain 1980 bhain sí amach céim ollscoile ó roinn na hiriseoireachta in Ollscoil Stáit Mhoscó (Moskovskiy Gosudarstvennyi Universitet, MGU). Phós sí comh-mhac léinn ansin, Aleksandr Politkovskiy, agus saolaíodh beirt chlainne dóibh, mar atá, an iníon Vera agus an mac Ilya.

Chaith sí na blianta 1982-1993 ag obair don nuachtán Izvestiya, agus ina dhiaidh sin don Obshchaya Gazeta. Dhírigh sí ar na fadhbanna sóisialta sa Rúis, go háirithe ar chruachás na dteifeach. Sa bhliain 1999, thosaigh sí ag scríobh don Novaya Gazeta, nuachtán a raibh clú na hiriseoireachta iniúchaí air.


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile