Anfield

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Anfield
Anfield
Sonraí
Suíomh Learpholl, Merseyside, Sasana
Osclaíodh 1910
Dromchla Féar
Dílseánach Liverpool F.C.
Cónaitheoirí
Sacar Everton F.C. (1884-1892)
Liverpool F.C. (1892–inniu)
Acmhainn
Suíocháin 45,276

Staid pheile (sacair) is ea Anfield atá suite i Learpholl, Sasana. Páirc bhaile an chumainn Liverpool F.C. atá ann, ó bhunaíodh thiar sa bhliain 1892 é. Staid bhaile Everton F.C. a bhíodh ann roimhe sin, idir na blianta 1884 agus 1892, sular bhogadar go Páirc Goodison trasna na cathrach.

Tá 45,276 suíochán ann, agus iad roinnte idir ceithre ardán – an Spion Kop, an Príomh Ardán, Ardán an Chéid agus Bóthar Anfield. Taifeadadh an slua ba mhó riamh in Anfield (61,905) sa chluiche idir Liverpool agus Wolverhampton Wanderers sa bhliain 1952. Rinneadh staid lán-suíochán di sa bhliain 1994, áfach, mar a moladh sa Tuarascáil Taylor tar éis an Tubaiste Hillsborough, inar bhásaigh 96 de lucht leanta an chumainn. Laghdaíodh toilleadh na páirce dá bharr.

Tá dhá de gheataí na páirce ainmnithe in ómós do bheirt iar-bhainisteoirí an chlub – mar atá Bill Shankly agus Bob Paisley.