Andrew Victor Schally

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Andrew V. Schally

Bithcheimicí a rugadh i Vilnias na Liotuáine (Wilno na Polainne ag an am) ach ag obair sna Stáit Aontaithe ó 1957 is ea Andrew Victor Schally. Ar an 30 Samhain 1926 a rugadh é. Rinne sé an-chuid saothair bhunúsaigh ar hormóin éagsúla is a bhfeidhmeanna sa cholainn. Roinn sé Duais Nobel sa bhfiseolaíocht/míochaine i 1977 le Roger Guillemin is Rosalyn Sussman Yalow as a shaothar chun na hormóin peiptíde ón hipeatalamas a aonrú.