André Leroi-Gourhan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAndré Leroi-Gourhan

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith25 Lúnasa 1911
11ú arrondissement Pháras (an Fhrainc)
Bás19 Feabhra 1986
74 bliana d'aois
13ú arrondissement Pháras (an Fhrainc)
Vice director (en) Aistrigh Guimet Museum (en) Aistrigh
1940 – 1943
Cathaoirleach French Prehistoric Society (en) Aistrigh
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/sílycée Arago
Ollscoil Pháras Cuir in eagar ar Wikidata
Comhairleoir dochtúireachtaMarcel Mauss
Gníomhaíocht
Gairmantraipeolaí, pailé-antraipeolaí, seandálaí, eitneolaí, múinteoir ollscoile, pailé-ointeolaí, réamhstaraí, taighdeoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirCollège de France, ollamh (1969–1982)
Guimet Museum (en) Aistrigh, vice director (en) Aistrigh (1940–1943)
Ollscoil Pháras Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Mac/iníon léinnHenri de Contenson
TeangachaAn Fhraincis
Saothar
Mac léinn dochtúireachtaBrigitte Delluc, Colette Pétonnet, Mariel Jean-Brunhes Delamarre, Yvette Taborin, Thérèse Poulain, Jean Galtier, Pierre Bonte, Alain Le Brun, Daniel Frimigacci, Michel Lorblanchet, Corneille Jest, Patrick Plumet, Martine Dalas, Marie-José Tubiana, Alain Ichon, Catherine Perlès, Hélène Balfet, Aliette Geistdœrfer, Nicole Échard, Anne Lavondès, Henri Lavondès agus Donatien Laurent
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileArlette Leroi-Gourhan Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
André Leroi-Gourhan sa bhliain 1966

Eitneolaí, seandálaí agus staraí ab ea André Leroi-Gourhan (25 Lúnasa 1911 - 19 Feabhra 1986); saineolaí ba ea é sa réamhstair agus an bhaint leis an teicneolaíocht agus an cultúr. Bhain sé brí fhíornua as an ealaín phailéiliteach

Bhí spéis aige sa dúlra freisin.

Aicmiúː "Stíl III" de Leroi-Gourhan

Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’fhreastail Leroi-Gourhan ar an "École des langues orientales" i bPáras. Sa bhliain 1933, thosaigh sé ag obair sa "Musée d'ethnographie du Trocadéro" agus sa bhliain 1937, an "Musée de l’Homme"[1]. Chaith sé seal sa roinn eitneagrafaíochta d’iarsmalann na Breataine i Londain[2].

Grotte de Lascaux

Sa bhliain 1937 cuireadh chun na Seapáine é, áit ar bhailigh sé ábhar dá chéad dochtúireacht: L'Archéologie du Pacifique Nord.

Lascaux

Bhí baint aige leis an "Musée Guimet" i rith an Chogaidh agus bhí lámh aige sa Résistance, rud a ghnóthaigh dó an médaille de la résistance agus an croix de guerre.

Eitneolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1946 ceapadh Leroi-Gourhan mar fhostiúrthóir ar an Musée de l’Homme. Ceapadh é ina ollamh sa Sorbonne (1956) agus ansin sa "Collège de France"(1968).

Lascaux

Bhain sé brí fhíornua as an ealaín phailéiliteach, é ag anailísiú na n-íomhánna de réir a suímh choibhneasta agus na bainte a bhí acu leis na loig i mballa na huaimhe. Chuir sé síos ar na pictiúir ó thaobh na staitisticí, ag míniú na bhfíoracha mar shamhailchomharthaí firinscneacha nó baininscneacha.

Ag stiúradh na tochailte dó in uaimheanna Francacha (go háirithe i bPincevent) bheartaigh sé modhanna nua oibre agus é ag déanamh anailís spásúil ar na háitribh réamhstairiúla.

Thug sé aird ar antraipeolaíocht na dteicnící, ag soláthar prionsabail theoiriciúla (claonta agus fíricí teicniúla, an timpeallacht teicniúil, éascaíocht na ceapadóireachta agus n-iasachtaí), scéimeanna modheolaíocha (modhanna le mionchéimeanna an déantúis a anailísiú) agus rangú ginearálta na dteicnící.

Lascaux
Lascaux
Lascaux

Breith a Bhéil Féin[cuir in eagar | athraigh foinse]

"Dans la forme d’un outil trois valeurs interfèrent : la fonction mécanique idéale, les solutions matérielles à l’approximation fonctionnelle qui relèvent de l’état technique et le style qui relève de la figuration ethnique."
("Téann trí fheidhm i gcion ar fhoirm na huirlise: an sárfheidhmiú meicniúil, an gnáthfheidhmiú mar a bheartaítear é de réir na teicníce, agus an stíl a eascraíonn as an sainléiriú eitneach.")

Le geste et la parole v.2,1965

"Je parle souvent de cette ligne unique propre au Japon, ni droite ni courbe à force de vouloir être à la fois courbe et droite : le flanc du Fuji, la ligne du sabre, le rempart d'un château, la branche du pin, les îles dans la Mer intérieure, le flanc du toit, le bord d'un seau, le bol à thé, la coupe d'un vêtement, le geste d'un danseur, un trait de calligraphie."
("Is minic a bhím ag caint ar an líne shainiúil úd is dual don tSeapáin, líne nach cuarach í ná díreach ach arb áil léi a bheith cuarach agus díreach in éineacht: slios Shliabh Fuji, líne an mharc-chlaímh, rampar caisleáin, craobh na giúise, oileáin na farraige intíre, cliathán dín, imeall tobáin, an babhla tae, gearradh ball éadaigh, cor rinceora, stríoc challagrafaíochta.")

Le geste et la parole v.2,1965

Lascaux

Príomhshaothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • L'Homme et la matière, Paris, Albin Michel, 1943
  • Milieu et techniques, Paris, Albin Michel, 1945
  • Le geste et la parole, Paris, Albin Michel, 1964-65
  • Les religions de la Préhistoire, Paris, PUF, 1964
  • Préhistoire de l'art occidental, Paris, Mazenod, 1965
  • Dictionnaire de la Préhistoire, Paris, Presses Universitaires de France, 1988
  • Pages oubliées sur le Japon, Grenoble, éditions Jérôme Millon, 2004

Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Audouze, F. et Schlanger, N. (sous la direction de), 2004, Autour de l’homme : contexte et actualité d’André Leroi-Gourhan, A.P.D.C.A., Antibes.
  • Martinelli, B., 1988, « Après Leroi-Gourhan : les chemins de la technologie », in Les voies de l'homme, Hommage à A. Leroi-Gourhan, actes du colloque CNRS, Páras, eag. Albin Michel.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]