Anders Celsius

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Anders Celsius

Réalteolaí ón tSualainn ba ea Anders Celsius (27 Samhain 170125 Aibreán 1744), fear a rinne amach scála teochta mór le rá. Is de Chelsius a ainmníodh an scála sin dár ndóigh. Luach 0 °C a bhíonn ar an scála sin ar reophointe an uisce (an teocht a reonn uisce agus leánn oighear inti). Luach 100 °C a bhíonn ar fhiuchphointe an uisce (an teocht a bhfiuchann an t-uisce inti). Agus 100 céim cothrom a bhíonn idir an dá phointe sin. Is amhlaidh a dhéantar an scála a leanúint sa dá threo ina chéimeanna ionanna teochta - os cionn 100 °C, agus faoi bhun 0 °C.