Andúil i ndrugaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Staid ina mbíonn duine spleách ar dhrugaí, á dtógáil mar chleachtadh, le héigean a thiomáintear ag gá leanúnach iarmhairt shíceach an druga áirithe a mhothú, nó pian is míchompord a easpa a sheachaint. Go minic, bíonn ar andúileach fadtréimhseach na dáileoga a mhéadú an t-am ar fad chun go mothóidh sé na hiarmhairtí céanna (is amhlaidh a mhéadaíonn a bhfulaingt ar dhruga), agus téann sé i muinín cleachtaí frithshóisialta, cosúil le gadaíocht, chun íoc as a n-andúil (más druga mídhleathach atá i gceist, go háirithe). I measc na ndrugaí andúile tá támhshuanaigh (mar shampla, hearóin, cócaon), cuid mhaith cineálacha suaimhneasáin, alcól is nicitín.