Anatamaíocht na n-éan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Anatamaíocht sheachtrach éin choitinn: 1 An Gob, 2 An Ceann, 3 An Iris, 4 An mac imrisc, 5 An fhallaing, 6 Na clúideacha tánaisteacha, 7 Na slinneáin, 8 Na clúideacha, 9 Na treasaigh, 10 An prompa, 11 Na príomhúlaigh, 12 An píobán scaoilte, 13 Cnámh na leise, 14 An cnámh lorgan , 15 An tarsas, 16 Na cosa, 17 An tibia, 18 An bolg, 19 Na cliatháin, 20 An tUcht, 21 An scornach, 22 An smig

Tá go leor oiriúnuithe uathúla le feiceáil i struchtúr fiseolaíoch nó in anatamaíocht na n-éan, an chuid is mó dóibh ag tabhairt cúnamh d'eitilt. Tháinig córas cnámharlaigh éadrom le haghaidh eitilte chun cinn sna héin, maille le mhatáin cumhachtacha, agus córais imshruthaithe agus riospráide a d'fhéadfadh ligean don éan eitilt.

Ní heol sinsear cruinn péistiúil na n-éan, ach is dócha go ndeama siad éabhlóid ó dhineasáir bheaga.

Tréithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ainmhí veirteabrach den rang Aves is ea éan, agus aon ainmhí a mbíonn cleití air is é fásta. Ní bhíonn cleití ach ag na héin, agus bíonn cleití ag gach éan fásta.

Bíonn géaga tosaigh na n-éan mionathraithe ina sciatháin.

Airí sainiúil eile ag éin is ea lann shuntasach cheartingearach, cosúil le cíle, ar chnámh an uchta, a cheanglaíonn na dealracháin chun an cnáimhín súgach a fhoirmiú.

Feidhmíonn an chíle mar cheangaltán do na matáin mhóra a ghluaiseann na sciatháin (matáin an uchta), agus feidhmíonn an cnáimhín súgach mar thaca do na sciatháin le linn eitilte.

Eitilt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is lárnach an eitilt in éabhlóid na n-éan, agus oiriúnaíodh a gcolainneacha dá réir. Is cuasach cnámha an chuid is mó de na héin, ionas go bhfuil siad éadrom.[1]

Is cleití fada láidre an-éadroma an chuid is mó de na sciatháin is an t-eireaball. Bíonn cholainn sruthlíneach le cumhdach slim cleití forluite.

Chinn an eitilt méid na n-éan; is beag an chuid is mó díobh. Níl aon éan le meáchan níos mó ná 1 3 kg atá in ann eitilt go cothrománach san aer.[1]

Na héin atá gar do 3 kg, cosúil leis an gcondar is an t-albatras, caitheann siad an-chuid ama ar foluain i sruthanna aeir. Is beag an meáchan seo i gcomparáid le mamaigh mhóra is péisteanna móra.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" Coiscéim. 

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]