Anaemacht chorráncheallach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Mínormáltacht cheimiceach i haemaglóibin na fola (an lí a iompraíonn an oscaigin sna cealla dearga fola), a fhaightear le hoidhreacht is a chiapann daoine ón Afraic fho-Shahárach. Géin mhínormálta is bun léi. Má fhaightear an ghéin seo ó thuismitheoir amháin ní bhíonn mórán siomtóm ann (an tréith chorráncheallach), ach is féidir an ghéin a thabhairt ar aghaidh don chéad ghlúin eile. Fulaingíonn daoine a fhaigheann géinte mínormálta ón dá thuismitheoir an galar ina iomláine. Bíonn haemaglóibin S sna cealla dearga fola in ionad gnáth-haemaglóibin A. Mar thoradh air seo éiríonn na cealla seo corránach in ionad a ngnáthchrutha chiorclaigh dhéchuasaigh, bíonn siad sobhriste, agus ní mhaireann rófhada san imshruthú. Bíonn anaemacht ainsealach ag an duine sin, agus go minic baineann ionfhabhtuithe dó mar gheall ar fhuileadáin bheaga a bheith calctha ag na cealla dearga briste, ag cur bac ar sholáthar ocsaigine do na fíocháin.