An tSraith Tógtha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cnuasach gearrscéalta Gaeilge leis an scríbhneoir Éireannach Máirtín Ó Cadhain a d'fhoilsigh Sáirséal agus Dill sa bhliain 1977 is ea An tSraith Tógtha. 7 mbliana i ndiaidh a bháis a foilsíodh an leabhar.

Deich ngearrscéal atá ann, ó cheann atá dhá leathanach go leith ar fhad go scéal atá ocht leathanach ar fhichid ar fhad. Tá a urlabhra pearsanta féin ann, fite le canúint Chonamara agus breac le focail nach fuirist.

Scéalta an Chnuasaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ealaíon an Chlúdaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Anne Yeats a dhear an clúdach ina bhfeictear duine daite ar chlúdach dubh.

Léirmheastóireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa chnuasach seo feictear buaic ar fhorbairt an ghearrscéalaí ó dhomhan traidisiúnta agus stíl thraidisiúnta go dtí domhan níos casta agus insint níos casta dá réir.

Tá teannas agus streachailt ann, fuarchúis agus sleamchúis, agus an saol mór le feiceáil i gcúrsaí beaga an duine. Thug Louis de Paor caint ag Scoil Gheimhridh Merriman sa bhliain 2006 dar teideal: "Ceist, cé a léifeadh Máirtín Ó Cadhain?" Dúirt de Paor gur díoladh 22 chóip de An Sraith Tógtha sna trí bliana roimh 2006.

Aistriúcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]