An Tocáiris

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn Tocáiris

Cineálfine teangacha agus teanga mharbh
Úsáid
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaTocharian alphabet (en) Aistrigh
Cóid
Glottologtokh1241
Tocáiris B, téacs atá i dtaisce in Iarsmalann Náisiúnta na Seapáine. Tá an aibítir seo bunaithe ar an scríbhneoireacht Bhrámach, cosúil lena lán córas scríbhneoireachta san India.

Teanga Ind-Eorpach í an Tocáiris, nó, le bheith beacht, dhá theanga a bhfuil gaol dlúth acu le chéile agus a bhíodh á labhairt i lár na hÁise, in Imchuach Tarin, áit a bhfuil réigiún féinrialaitheach Xinjiang in Iarthar na Síne inniu. Ba é Marc Aurel Stein, taiscéalaí Ungárach a bhain amach saoránacht na Ríochta Aontaithe, an chéad duine a tháinig trasna ar iarsmaí na Tocáirise, agus é ag déanamh taistil i bhFásach Taklamakan i dtús na fichiú haoise.

An dá chineál Tocáirise atá ann, is gnách Tocáiris A agus Tocáiris B a thabhairt orthu. (Tá, fiú, an tríú cineál Tocáirise ann, mar atá, Tocáiris C, ach níl téacsanna ná doiciméid sa teanga sin ann - is í an t-aon fhianaise atá fágtha ná ainmneacha agus focail iasachta i dteangacha eile.) An litríocht atá fágtha againn sa chéad teanga acu, níl ann go bunúsach ach aistriúcháin ar scríbhinní reiligiúnacha Búdaíocha. An dara teanga acu, áfach, nó Tocáiris B, tá a lán ábhair shaolta scríofa inti: comhfhreagras idir na mainistreacha Búdaíocha, pasanna do na carbháin, agus dán grá amháin, mar shampla. Cé go bhfuil an dá chineál Tocáirise dlúthghaolmhar le chéile, tá siad chomh difriúil nach raibh siad intuigthe ag cainteoirí a chéile, de réir dhealraimh. Is é an tátal a bhain na teangeolaithe as an iomlán gur féidir gur leagan seanársa den teanga a bhí i gceist le Tocáiris A, teanga naofa a bhí á saothrú ag lucht léinn na mainistreach, agus gurbh í Tocáiris B an teanga a bhí á labhairt mar theanga bheo san am. Níl na saineolaithe go léir ar aon fhocal faoin teoiric seo, áfach.