An Soitheach Naofa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Soitheach Naofa

Is é an Soitheach Naofa, de réir mhiotaseolaíocht na Meánaoise, ná an soitheach as ar ith Íosa Críost a bhéile deireanach lena chuid deisceabal. Chreidtí go forleathan sa Meánaois go raibh cumhacht mhíorúilteach sa Soitheach Naofa. Dá réir sin, chum filí agus scríbhneoirí na Meánaoise cuid mhaith scéalta nó laoithe eipiceacha faoi ridirí a chuaigh ar lorg an tSoithigh Naofa.

Sa bhliain 1953, chuir Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath in eagar Lorgaireacht an tSoidhigh Naomhtha ("Lorgaireacht an tSoithigh Naofa" i nGaeilge an lae inniu), leagan den scéal a scríobhadh i Nua-Ghaeilge Chlasaiceach sa chúigiú haois déag. Aistriúchán ón bhFraincis atá i gceist, go bunúsach. Mar sin féin, is dealraitheach go bhfuil móitíf réamh-Chríostaí de chuid na gCeilteach measctha tríd na téamaí Críostaí sna scéalta faoin Soitheach Naofa, ós rud é gur chreid na Ceiltigh go raibh corcáin nó soithí ann a raibh cumhacht mhíorúilteach iontu.